Cúrsaí Árachais

 In

Ní sholáthraíonn Coláiste Chamuis árachas ar earraí pearsanta na scoláirí. Ní féidir le Coláiste Chamuis a bheith freagrach as maoin phearsanta uile an dalta agus ní féidir clúdach árachais a fháil le haghaidh nithe den sórt sin m.sh. éadaí, smidiú /earraí leithris, seodra, uirlisí ceoil, trealamh spóirt, srl. Beidh gach dalta freagrach as a gcuid earraí pearsanta féin agus molaimid gan iad a thabhairt ar iasacht do pháistí eile. Molann Coláiste Chamuis do gach scoláire a gcuid ainmneacha a bheith ar gach rud, oidis san áireamh, mar atá ar an bhfoirm iarratais. Ní ghlacaimid freagracht as maoin caillte nó goidte ag aon chéim den chúrsa agus níl sé de dhualgas orainn maoin caillte a choinneáil in aon suíomh.

Tá árachas dliteanais phoiblí ag Coláiste Chamuis ach is é leas chuile scoláire go mbeadh clúdach árachais timpiste pearsanta aige/aici féin freisin. D’fhéadfadh go mbeadh ‘Árachas Timpiste Pearsanta Dalta’ ar fáil trí do scoil. Clúdaítear scoláirí a bhfuil an rogha “24 Uair” acu le haghaidh timpistí a d’fhéadfadh tarlú i gColáiste Chamuis, nach mbeadh clúdaithe murach é.