S’éard is brí le sonraí pearsanta  ná sonraí a d’fhéadfaí a úsáid chun tú a aithint mar shampla d’ainm, seoladh, uimhir fón póca, seoladh ríomhphost.

Próiseáileann na sonraí pearsanta a sheolann tú chugainn ar na bealaí seo a leannas:

Chun íocaíochta a éascú leat

  • Chun eolas a thabairt duit maidir le sonraí a lorgaíonn tú uainn.
  • Chun téacsanna, ríomhphostanna agus nuachtlitreacha a sheoladh chugat tar éis gur líon tú ár gcuid foirmeacha ar líne nó tar éis “opt-in” a bheith déanta ar an eolas seo ar aon bhealach eile.
  • Chun cumarsáid riachtannach ó thaobh feidhmiú éifeachtach Choláiste Chamuis a dhéanamh le cliant Choláiste Chamuis trí ríomhphost nó téacs (mar shampla, treoir taistil, eolas faoi uimhreacha thagartha, agus cumarsáid riachtannach eile).
  • Sonraí atá riachtannach chun a chinntiú go bhfuil Cúrsaí Choláiste Chamuis ag feidhmiú i gceart. Caithfidh Foireann iomlán Choláiste Chamuis  sonraí pearsanta scoláirí agus tuismitheoirí a úsáid agus iad ag cur cúrsa den chéad scoth ar fáil (mar shampla eolas faoi bhliain sa scoil, cén scoil, stair le CC, líofacht an pháiste, tuairsicí ó bhaill faoirne agus múinteoirí , eolas sláinte srl)
  • Coimeadfar sonraí atá riachtannach chun a chinntiú go bhfuil Cúrsaí Choláiste Chamuis ag feidhmiú i gceart a fhad is go bhfuil gá leis na sonraí seo chun aidhmeanna CC a chomhlíonadh maidir leis na sonraí seo a bhailítear (ó thaobh dlí, cuntasaíocht, tuairsciú agus feidhmíocht)
  • Coimeadfar sonraí chun dul i dteagmháil leat maidir le Gníomhaíochtaí Alumni agus cúrsaí eile a chuireann CC ar fáil. Ní roinnfear ach ar chúis dlisteannach do chuid sonraí pearsanta ach amháin taobh istigh de CC.
  • Tá tuismitheoirí ar bhunachar sonraí CC mar gheall gur chur said scoláirí ag CC. Ar an mbun sin tá cúis dlisteannach againn teagmháil a dhéanamh leat. Ní roinnfear, ní dhíolfar agus ní sceithfear do chuid sonraí pearsanta taobh amuigh de CC.

Ta sé de cheart agat iarratas a dhéanamh ar chóip d’aon sonraí pearsanta a bhaineann leat atá inár seilbh.  Tá sé de cheart agat freisin go gceartófaí na sonraí seo má tá botúin ann. Tá sé de cheart agat freisin go scriosfaí na sonraí seo.Más mian leat go stopfadh muid ag déanamh teagmháil leat seol ríomhphost chuig eolas@coláistechamuis.ie

Bailiú agus úsáid sonraí neamh-phearsanta
Ar nós  fhormhór suíomhanna idirlíona, bailíonn muid eolas staitistiúil agus anailíseach bunaithe ar mhór iomláin cuairteoirí chuig ár suíomh idirlíon.  Ní féidir tú a aithint ón mbailiú sonraí seo.