Eolas Fúinn

C
C
Cuireann Coláiste Chamuis cúrsaí den chéad scoth ar fáil dár gcuid scoláirí UILIG, áit a bhfoghlaimíonn siad go leor, agus áit a dtéann siad in inmhe mar dhaoine, le linn dóibh a bheith ag ceiliúradh Teanga...
A
A
An cion, an grá agus an tuiscint atá againn ar an gcultúr, ar an traidisiún agus ar an nGaeilge bheo, roinnimid iad ar ár gcuid scoláirí.
M
M
Músclaimid suim agus tiomantas ár scoláirí trí mhodhanna cumarsáideacha agus muid ag baint leasa as na modhanna nua-aimseartha teagaisc is fearr.
U
U
Uasluach á bhaint ag ár scoláirí as sárchúram agus sáraire ár sárfhoireann teagaisc agus iad ag foghlaim na Gaeilge.
S
S
Seal i gColáiste Chamuis, agus beidh buntáistí suntasacha sóisialta agus oideachasúla le feiceáil, gan trácht ar an bhforbairt phearsanta a thagann ar scoláirí le linn cúrsaí.

Cuirimid ar a súile dár scoláirí i gColáiste Chamuis gur teanga bheo í an Ghaeilge san áit is nádúrtha ina bhfuil an teanga, sa Ghaeltacht, ar mór idir í mar láthair don teanga agus an seomra ranga. Fanann na scoláirí ar lóistín i dtithe ina labhartar an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus caitear leo mar bhaill chlainne. Ar an gcaoi seo tumtar na scoláirí i ngnáthshaol laethúil na Gaeltachta ina mbaill ghníomhacha den phobal speisialta teanga sin.

Buntáistí Choláiste Chamuis

Timpeallacht ina dtagann bláth faoi chuile scoláire
  • 45 bliain taithí
  • Áiseanna den scoth
  • Foireann cháilithe, dhíograiseach, thiomanta, fhuinniúil
  • Mná tí agus tithe lóistín den scoth
  • Filleann scoláirí agus múinteoirí bliain i ndiaidh bliana; leanann an traidisiún le clann iarscoláirí ag teacht anois.
  • Clár cuimsitheach siamsaíochta – foghlaim i ngan fhios
  • Curriculum nua-aimseartha
  • Imeachtaí Speisialta
Forbairt Teanga
  • Sárchúrsa Gaeltachta, áit a bhfaightear an teanga bheo
  • 50% de mharcanna na hArdteiste ar an teanga bheo (idir scrúdú cainte agus chluastuiscint)
  • Riail na Gaeilge: tumadh teanga … modh cumasach foghlama
  • Feabhas suntasach scríofa agus labhartha
  • Na modhanna múinteoireachta idirghníomhacha is fearr
  • Béim ar an nGaeilge bheo
  • Líofacht shuntasach ag deireadh do chúrsa
Forbairt Phearsanta
  • Obair Foirne
  • Scileanna Ceannaireachta
  • Forbairt phearsanta mar dhuine
  • Scileanna sóisialta
  • Maireachtáil le daoine – comhthuiscint agus comhoibriú le daoine eile
  • Béim ar rannpháirtíocht chuile scoláire
Forbairt Chultúrtha
  • Grá agus tiomantas don Ghaeilge
  • Traidisún beo na Gaeilge sa nGaeltacht
  • Tuiscint ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta
  • Tuiscint ar Fhéiniúlacht
  • Bród as d’oidhreacht féin
  • Áilleacht Chonamara
  • Castáil ar dhaoine nua ó chuile chineál cúlra
  • Tuiscint agus bród as do fhéiniúlacht Éireannach
Sláínte agus Folláine
  • Coibhneas íseal foirne/scoláire
  • Detox digiteach
  • Chuile dhuine sona sásta slán sábháilte le sár-Ghaeilge
  • Saoire agus Saoirse in aer úr Chonamara

An Ghaeilge

Cuireann scoláirí Choláiste Chamuis eolas ar an nGaeilge san áit a bhfuil sí beo beathach ó lá go lá, sa nGaeltacht, ar mór idir í agus comhthéacs an tseomra ranga. Fanann siad i dtithe Gaeltachta le linn cúrsaí agus caitear leo mar bhaill den teaghlach. Tríd an lántumadh teanga seo i saol laethúil na Gaeltachta féachtar ar na scoláirí mar bhaill de phobal na Gaeilge.

Tuigimid i gColáiste Chamuis de bharr na mblianta fada ag teagasc na Gaeilge gurb é an lántumadh teanga an bealach is fearr agus is éifeachtaí le teanga a fhoghlaim, agus cruthaíonn an taighde idirnáisiúnta an méíd sin. Bímid ag súil leis go labhróidh ár gcuid scoláirí Gaeilge i gcónaí le linn imeachtaí uilig ár gcúrsaí. D’fhonn is go mbaine ár gcuid scoláirí an lántumadh teanga seo amach, agus go mbaine siad an buntáiste is fearr is féidir as a gcúrsa linn, tá riail teanga againn a éilíonn gurb í an Ghaeilge amháin a labhraíonn siad le linn cúrsaí.

Cuidíonn an lántumadh teanga seo go mór le scoláirí atá ag staidéar don Ardteist. Anois agus 50% de mharcanna na hArdteiste ar an teanga labhartha bheo (idir scrúdú cainte agus chluastuiscint) agus c.30% eile ar scileanna teanga scríofa, baineann scoláirí níos mó tairbhe ná riamh as freastal ar shárchúrsa beo sa Ghaeltacht. Sin an cineál cúrsa d’ardchaighdeán a bhíonn againn i gColáiste Chamuis. Mar sin, tharla go bhfuil 80% de na marcanna ag baint le gné na teanga san Ardteist, is tábhachtaí anois ná riamh é go mbeadh líofacht Ghaeilge ag na scoláirí agus go mbeidís muiníneach as a gcuid scileanna teanga sa nGaeilge.

Baineann scoláirí Choláiste Chamuis líofacht shuntasach amach le linn ár gcúrsaí agus bíonn siad an-bhródúil as an éacht sin. Is é an rud is tábhachtaí faoin gcur chuige lántumadh teanga seo nach é amháin gurb é an cleachtas is fearr é, ach go bhfuil sé feicthe againn arís agus arís eile le 45 bliain go n-oibríonn sé agus dá réir sin go mbaineann ár gcuid scoláirí taitneamh agus tairbhe araon as an seal a chaitheann siad linn.

Coláiste Chamuis 2018
ghaeilge-4

Stair

ghaeilge
ghaeilge-2

Bhunaigh Gearóid Denvir Coláiste Chamuis sa bhliain 1973, le 52 scoláire, beirt mhúinteoirí agus 10 dteaghlach Gaeltachta a bhí sásta dul sa seans leis an togra nua. Cuimhnítear le gean ar na scoláirí sin agus iad ag rothaíocht siar is aniar bóithre Chamuis i chuile chineál aimsire i mí Lúnasa 1973. D’fhill 37 de na scoláirí sin an bhliain dár gcionn agus bhí scéal rathúil Choláiste Chamuis ag scaipeadh de réir a chéile. D’fhás líon na scoláirí a bhí ag freastal ar an gColáiste bliain i ndiaidh bliana agus cuireadh tús le cúrsa nua do mhí Iúil i 1978. Bhí ag éirí chomh maith linn gur osclaíodh ionad nua in An Tulach i 1985. Chuaigh Máire Denvir le bainistíocht lánaimseartha an Choláiste i 1987 agus osclaíodh ionad nua eile i Ros a’ Mhíl i 1992.

Bhí an Coláiste ag fás i gcónaí agus éileamh ag scoláirí agus ag a gcuid tuismitheoirí ar ár gcuid cúrsaí agus bhí gá le forbairtí nua le freastal ar an éileamh sin. Beartaíodh ar ionad nua saintógtha le háiseanna nua-aimseartha den scoth do chúrsaí samhraidh Gaeilge a dhéanamh i Ros a’ Mhíl. Osclaíodh Céim 1 de Theálta na hÓige i 2000 agus Céim 2 i 2009. I measc ár gcuid áiseanna i dTeálta na hÓige (agus sna hionaid i gCamus agus in An Tulach) tá: halla mór, seomraí ranga leis na háiseanna teagaisc is nua-aimseartha, cúirteanna agus páirceanna imeartha.

Freastalaíonn Coláiste Chamuis ar c.1,700 scoláire ó chuile cheard in Éirinn ar na 10 gcúrsa a bhíonn againn agus cuireadh “Fáilte Chroíúil na Gaeltachta” roimh c.70,000 scoláire in imeacht na mblianta. Ba phribhléid dúinn riamh, agus is ea i gcónaí, a chur ar a súile dár gcuid scoláirí gur teanga bheo í an Ghaeilge. Mar a deir mana an Choláiste: “Is fiú agus is féidir”.

Tá tiomantas mhuintir Denvir do thraidisiún Choláiste Chamuis bailithe ar aghaidh chuig an dara glúin agus iadsan páirteach go dlúth anois in imeachtaí uilig an Choláiste.

Ár bhfoireann

Ár bhFoireann

Ár bhFoireann

Bunaitheoirí:
Gearóid Denvir, Máire Denvir

Stiúrthóirí:
Siobhán Bairéad, Seán Denvir

An Coiste

An Coiste

Gearóid Denvir, Máire Denvir, Seán Denvir, Siobhán Bairéad, Stiofán Ó Móráin, Áine Ní Chonaola

Foireann Cúrsa

Foireann Cúrsa

Creideann ár bhfoireann ardchumais ardtallainne i bhfealsúnacht Choláiste Chamuis agus is mian leo Teanga agus Cultúr na Gaeilge a roinnt leis an saol mór ar bhealach dearfach éifeachtach. Tá comhar agus spiorad foirne tagtha chun cinn i measc na foirne in imeacht na mblianta agus iad ag saothrú in éineacht ag cur na Gaeilge chun cinn le tiomantas paiseanta. San am céanna fáiltítear go croíúil roimh mhúinteoirí nua óga a chuireann go mór le heispéireas Choláiste Chamuis bliain i ndiaidh bliana.

An Oifig

An Oifig

Is iad Sarah agus an Oifig bunchloch riaracháin an Choláiste.

Muintir an Tí

Muintir an Tí

Osclaíonn na teaghlaigh a choinníonn scoláirí Choláiste Chamuis a mbaile agus a gcroí do c.1,700 scoláire in aghaidh na bliana. Fáiltítear roimh na scoláirí mar bhaill teaghlaigh agus cuireann siad eolas ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht i bpobal beo bríomhar beathach.

An Pobal Áitiúil

An Pobal Áitiúil

Gné bhunúsach eile d’obair Choláiste Chamuis an tionchar eacnamaíoch atá againn ar an nGaeltacht i mbealach a dhéanann leas na Gaeilge. Cúis bhróid dúinn an bhaint atá againn le polasaithe buanaithe agus forbartha teanga agus pobail sa nGaeltacht. Tá ríméad orainn go bhfuil líon mór teaghlach a labhrann an Ghaeilge mar theanga bhaile ag coinneáil ár gcuid scoláirí agus gur cainteoirí dúchais Gaeilge líon suntasach dár bhfoireann teagaisc freisin. Creidimid gur comhartha láidir an méid seo go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo phobail sa gceantar, agus tuar dóchais é freisin go leanfaidh óige na hÉireann orthu ag freastal ar chúrsaí i gCamus, Ros a’ Mhíl agus An Tulach agus iad ag foghlaim na Gaeilge mar theanga bheo.

  • Cairde,cuimhní agus craic – na laethanta is fearr riamh. Bealach iontach le Gaeilge a fhoghlaim.

    Gillian, Gaillimh
  • I sent all my kids to Coláiste Chamuis over the years and they all came home with a genuine love for Irish, learned a lot, and wanted to return.

    Mícheál, Sligeach
  • My husband, Joe and I would like to express our sincerest 'Go raibh míle maith agaibh' for the wonderful first experience our son L had at Coláiste Chamuis, Halla A2 and your prompt communication with us when L was sick. We really appreciate it. May I also say that L's bean agus fear an tí were also spoken very highly of by L. He is already ag caint about returning next summer! Go raibh míle maith agaibh arís!

    Gerelynn & Joe B
  • I would like to thank you all most sincerely for the wonderful experience E had this year.  Her confidence in speaking as Gaeilge as well as her general knowledge of the language came on in leaps and bounds during the three weeks. Her bean an tí was exceptional and we are very grateful to her for looking after E so well while she was there.  The craic and camaraderie that E experienced while there is unique to the Gaeltacht and she made so many wonderful memories that, I'm sure, she will treasure for life.Go raibh mile maith agaibh go léir.

    Patricia C
  • I would like to express my thanks to all of the tutors and helpers, and particularly the Bean an Ti, for the care and attention shown to my daughter A. She thoroughly enjoyed the experience, and her Irish has come on so well. It is a core memory that will live with her forever. And these are the memories that count. Thank you all.

    Pauline F
  • A big thank for two great weeks in the Gaeltacht. XX had an amazing time and will remember his experience forever more. A big thank you to Bean an Tí XX also. He speaks highly of XX and her kindness and all in Coláiste Chamuis.