Cúrsa Forbairt Ghairmiúil Leanúnach Gaeltachta do Mhúinteoirí Naíonraí
Achoimre Cúrsa
Tugann cúrsaí FGL Choláiste Chamuis tacaíocht, spreagadh agus cabhair phraiticiúil do mhúinteoirí an lae inniu, ag cur lena gcuid scileanna teagaisc agus muinín ina gcumas teagaisc trí mheán na Gaeilge. Cothaímid agus forbraímid an mhuinín seo ar bhealach sóisialta agus idirphearsanta.
Cuirtear eispéireas lán-tumtha sa Ghaeltacht ar fáil do mhúinteoirí, agus iad ag caitheamh dhá oíche sa Ghaeltacht, tumtha sa teanga. Fanfaidh na múinteoirí ar Champas Choláiste Chamuis i Ros a’ Mhíl, Contae na Gaillimhe, áit a mbeidh siad lán-tumtha sa teanga bheo agus sa chultúr.
Trí shraith de sheisiúin phraiticiúla cheardlainne i dtimpeallacht lán-tumtha, tugann an cúrsa tacaíocht do mhúinteoirí a gcleachtas gairmiúil a neartú trí Ghaeilge. Díreoidh an chúrsa ar theanga an naíonra, teanga na hoibre agus forbairt luath teanga trí mheán na Gaeilge, le béim láidir ar líofacht, muinín agus úsáid nádúrtha teanga a fhorbairt.
Tá an cúrsa á eagrú i gcomhar le Gaeloideachas.
Cé Muid
Tá Coláiste Chamuis ag eagrú cúrsaí lántumtha teanga i nGaeltacht Chonamara le 50 bliain. Bíonn ár scoláirí i gcónaí ag baint amach líofacht iontach sa Ghaeilge i dtimpeallacht dhearfach spreagúil. Leagamar béim i gcónaí ar an nGaeilge bheo agus ar rannpháirtíocht ghníomhach gach scoláire i ngníomhaíochtaí taitneamhacha ar nós spóirt, imeachtaí cultúrtha, agus siamsaíocht. Cuirtear an cur chuige céanna, na luachanna céanna, agus an tumadh céanna i bhfeidhm inár gcúrsaí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (FGL) do mhúinteoirí.
An Curaclam
1) Teanga bunaithe ar shúgradh agus ar ghníomhaíochtaí
Foclóir agus straitéisí praiticiúla chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha le páistí le linn súgartha, scéalaíochta, amhránaíocht agus gnáth ghníomhaíochtaí an lae.
2) Teanga an naíonra & teanga na hoibre
Téarmaíocht agus nathanna riachtanacha don seomra naíonra, don chlós, do ghnáth chleachtais laethúla agus don chumarsáid ghairmiúil le foireann agus le tuismitheoirí.
3) Scileanna luath fhorbartha teanga trí mheán na Gaeilge
Modhanna agus samplaí praiticiúla chun forbairt teanga nádúrtha, muinín agus cumarsáid i measc páistí óga a chothú, le deiseanna cleachtaidh agus machnaimh.
Táille
€150 don chúrsa le lóistín le seomra shingil
€75 don chúrsa le lóistín le seomra roinnte
Nóta: Tá an cúrsa seo á chur ar fáil i gcomhar le Gaeloideachas, a chlúdaíonn an chuid eile den chostas.
San áireamh sa táille tá:
– Lóistín ar feadh 2 oíche
– Teagasc agus acmhainní teagaisc
– Iompar i rith an chúrsa
– Béilí (bricfeasta, lón, dinnéar)
– Siamsaíocht agus imeachtaí cultúrthas.

Cén Uair / Amchlár
Aoine 6 Márta 2026 (2:00 I.N.) go dtí Dé Domhnaigh 8 Márta 2026 (1:00 I.N.)
Beidh clár sóisialta Gaelach mar chuid den chlár ama chuile thráthnóna.
Buntáistí don Mhúinteoir agus don Scoil
• Muinín in úsáid na Gaeilge a neartú
• Acmhainní praiticiúla do shuíomh naíonra (don seomra ranga agus don chlós)
• Teicnící chun teanga nádúrtha a fhorbairt i measc páistí
• Bealaí chun meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú sa naíonra
• Láidriú ar chleachtas gairmiúil trí Ghaeilge
• Deis foghlama i gcroílár na Gaeltachta
• Pobal gairmiúil nua le hoibrithe naíonra ó fud na tíre
Déan áirithint anois
Tá muid ag glacadh le hiarratais anois. Déan d’áirithint anois.

