Dian Chúrsa Ardteiste

Briseadh Meán Téarma Feabhra 2024

Beidh Coláiste Chamuis ag cur Dian Chúrsa Ardteiste ar fáil i Feabhra 2024 ón chéad Satharn den briseadh Meán Téarma i Feabhra 2024 (ón Satharn an 10ú Feabhra go dtí an Máirt an 13ú Feabhra 2024). Tabharfaidh an cúrsa seo deis do scoláirí Choláiste Chamuis taithneamh agus tairbhe a bhaint as cúrsa Gaeltachta amháin eile le Coláiste Chamuis roimh an mheánscolaíocht a chríochnú).

Beidh na dátaí seo an-tráthúil do scoláirí a bheas ag réiteach don Scrúdú Cainte agus cuideoidh sé go mór leo i scrúdú na hArdteiste 2024. Agus tabharfaidh sé deis amháin eile dóibh taitneamh agus tairbhe a bhaint as cúrsa Gaeltachta le Coláiste Chamuis

Díreoidh an dianchúrsa Ardteist go príomha ar ullmhú don scrúdú Béil. Cuirfear ranganna speisialta ar fáil freisin ar ghnéithe áirithe de na páipéir scríofa agus ar an teicníc scrúdaithe is fearr. Tabharfar nótaí cuimsitheacha do mhic léinn le linn an chúrsa. Tá oiliúint den scoth ar mhúinteoirí Choláiste Chamuis, agus is scrúdaitheoirí Stáit cuid acu. Go deimhin, cuireann cuid de na múinteoirí oiliúint ar na scrúdaitheoirí Stáit.

Intensive Leaving Certificate Course

Cén áit?

Campas Choláiste Chamuis at Teálta na hÓige, Ros a’ Mhíl, Co. na Gaillimhe

Cén uair?

10/02/2024 – 13/02/2024 (ón Satharn ag tús an briseadh meán téarma)

Cén aois?

Tá an cúrsa seo oiriúnach do scoláirí sa 6ú bliain sa mheánscoil.

Saghas cúrsa

Turas saincheaptha le 3 oíche le lóistín

Bus

Beidh muid breá sásta seirbhís bus ar tháille ainmniúil a chur ar fáil as Baile Átha Cliath agus as Gaillimh don chúrsa seo (ag brath ar éileamh).

Táille

€350 an táille iomlán don chúrsa seo.

Glac páirt agus bí linn ar an turas seo linn chun cabhrú le gach scoláire barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scrúdaithe.