Cam Chamuis

asset-1

Cam Chamuis

Breathnaigh ar na físeanna a rinne muid ar chúrsaí 2018 agus feicfidh tú na buaicphointí, na himeachtaí spóirt, na himeachtaí cultúrtha, na himeachtaí le téama speisialta, agus go leor leor eile. Tig leat ár gcainéal YouTube a leanacht freisin mar atá thíos.

Coláiste Camus Overview

Cúis bhróid dúinn ár dtraidisiún le 46 bliain ag cuidiú le scoláirí líofacht shuntasach a bhaint amach sa Ghaeilge i dtimpeallacht atá slán, sábháilte, spreagúil agus sainiúil i nGaeltacht na Gaillimhe. Cuirimid an bhéim ar an nGaeilge bheo tré rannpháirtíocht ghníomhach in imeachtaí spóirt, cultúrtha agus siamsaíochta ina ndéantar freastal ar leith ar chuile scoláire mar dhuine ann féin.

Cuirimid cúrsaí den chaighdeán is airde ar fáil sa chaoi agus go mbeidh GACH scoláire in ann foghlaim, fás agus forbairt agus iad páirteach go gníomhach i dTeanga agus i gCultúr na Gaeilge Beo i gceartlár na Gaeltachta.

Ár dTraidisiún, Ár dTeanga, ó 1973

Cruinniú Réamhchúrsa I gColáiste Chamuis

Lá i gColáiste Chamuis

An Chéad Lá i gColáiste Chamuis

  • Cairde,cuimhní agus craic – na laethanta is fearr riamh. Bealach iontach le Gaeilge a fhoghlaim.

    Gillian, Gaillimh
  • I sent all my kids to Coláiste Chamuis over the years and they all came home with a genuine love for Irish, learned a lot, and wanted to return.

    Mícheál, Sligeach