Ceisteanna Coitianta

Teálta vs Halla – difríocht idir na hionaid/cúrsaí

Tá dhá ionad ag Coláiste Chamuis do chúrsaí A1 agus A2, agus trí ionad do chúrsaí B agus C. Tá curaclam an chúrsa, modh múinte, agus caighdeán na tithíochta mar a chéile i ngach ionad – is é an príomh dhifríocht atá ann ná an campas. Fanann ár scoláirí le teaghlaigh Gaeilge áitiúla i gcomharsanacht an Choláiste i ngach campas (12 scoláire i ngach teach de ghnáth).

Ros a’ Mhíl (Halla)
Ros a’ Mhíl (Teálta)
An Tulach

Tá an rogha ionaid ar an bhfoirm iarratais ar mhaithe leis na mic léinn sin atá ag filleadh agus a gur mhian leo a bheith san ionad céanna, ar a bhfuil cur amach acu ar a gcúrsaí roimhe seo. Baineann sé seo freisin leo siúd a bhféadfadh a ndeartháireacha nó a ndeirfiúracha a bheith ag freastal ar an gColáiste san am a chuaigh thart agus ar mian leo filleadh ar an ionad céanna a mbeadh a gcuid siblíní ar an eolas roimhe seo.

  • Tá Coláiste Chamuis (An Tulach) 32km ó chathair na Gaillimhe. Tá an t-ionad lonnaithe i mBunscoil na Tulaigh, sa halla pobail taobh leis agus páirc peile in aice láimhe (190 – 210 dalta).
  • Tá Coláiste Chamuis (Halla Ros a’Mhíl) 39km ó chathair na Gaillimhe. Tá an t-ionad lonnaithe sa halla pobail áitiúil i Ros a’ Mhíl agus ag an bpáirc peile in aice láimhe (140-160 dalta).
  • Coláiste Chamuis (Ros a’Mhíl Teálta) 40.5km ó chathair na Gaillimhe. Seo an t-ionad is mó, le háiseanna saintógtha ag an gColáiste féin (240-260 dalta).
Aois ghrúpaí

Freastalaíonn Coláiste Chamuis ar gach aoisghrúpa, sa mheánscoil, ar na cúrsaí go léir. Cúrsaí coicíse atá i gCúrsaí A1 agus A2, agus is cúrsaí trí seachtaine iad Cúrsaí B agus C.

Cuairteanna ó thuismitheoirí

Tá fáilte roimh thuismitheoirí cuairt a thabhairt ar a gcuid gasúir faoi dhó le linn an chúrsa – ar an Domhnach. Is féidir iad a bhailiú ón 11 r.n., agus iad a bheith ar ais don 6 i.n..

Ní fhéadfaidh na scoláirí imeacht do thréimhse le linn an chúrsa, ach i gcásanna eisceachtúla. Tá an riail seo i bhfeidhm go mbeidh an scoláire in ann an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa.

An Ghaeilge

Is é an t-aon bhealach chun teanga a fhoghlaim i gceart, go tapa agus go héifeachtach ná tú féin a thumadh go hiomlán i dtimpeallacht na teanga sin. Má tá Béarla á labhairt agat, ní fhoghlaimeoidh tú Gaeilge – tá sé chomh simplí leis sin. Mar sin tá Riail na Gaeilge an-tábhachtach i gColáiste Chamuis: Caithfidh scoláirí an Ghaeilge a labhairt i gcónaí. Mura gcloítear le Riail na Gaeilge, iarrfar ar an mac léinn an cúrsa a fhágáil. Cuirtear an riail seo i bhfeidhm go docht agus moltar do thuismitheoirí gan a bpáistí a chur chuig Coláiste Chamuis mura bhfuil siad sásta é seo a chomhlíonadh.

Feitheoireacht

Déantar maoirsiú ar na scoláirí i gcónaí. Is ar mhaithe le cúrsaí sábháilteacht nach bhfuil cead ag aon dalta a bheith ag imeacht leo féin. Ní cheadaítear do na scoláirí imeacht ón gColáiste, ón láthair, ná ó theach lóistín gan cead. Is sárú dáiríre den chód iompair é imeacht gan cead. Iarrfar ar an scoláire a sháraíonn an riail seo an Choláiste a fhágáil.

Cruinnithe réamhchúrsa

Bíonn cruinnithe réamhchúrsa againn do gach scoláire (agus tuismitheoir ina theannta) chun sibh a chur ar an eolas maidir le haidhmeanna agus modhanna oibre Choláiste Chamuis agus le haon cheist a bheadh agaibh maidir leis na cúrsaí a fhreagairt. Cuirtear agallamh ar gach mac léinn nua freisin ionas gur féidir linn tuairim éigin a fháil ar chaighdeán Gaeilge gach iarratasóra. Tá sé seo riachtanach i bhfianaise an bhunriachtanas a bhaineann le roinnt focal Gaeilge a úsáid i ngach abairt. Caithfidh tuismitheoir/caomhnóir agus mac léinn freastal ar an gcruinniú san am atá leagtha síos agus ní mór dóibh fanacht ar feadh an chruinniú réamhchúrsa iomlán.

An té nach mbíonn ag cruinniú réamhchúrsa agus tuismitheoir/caomhnóir dlisteanach ina t(h)eannta, ní thig linn glacadh léi/leis ar ár gcuid cúrsaí.

An féidir le cairde fanacht sa teach céanna ?

Tá sé mar pholasaí ag Coláiste Chamuis gan cairde nó baill teaghlaigh a chur sna tithe lóistín le chéile mar gheall ar an tumadh iomlán a dhéantar sa teanga ar an gcúrsa. Ní féidir nósanna saoil a athrú thar oíche ó thaobh teanga de. Insíonn nach mór 50 bliain de thaithí dúinn go laghdaíonn an cur chuige seo an brú ar scoláire maidir le timpeallacht lán-thumtha. Tá seans i bhfad níos lú ann go labhróidh scoláirí Béarla lena chéile agus mar thoradh air sin baineann siad leas i bhfad níos mó as an gcúrsa teanga. Tá polasaí an Coláiste maidir le srian a chur leis an líon na scoláirí ón mbliain chéanna ón scoil chéanna ar gach cúrsa rí-thábhachtach freisin agus muid a cruthú timpeallacht iomlán tumtha sa teanga.

Tá buntáiste sóisialta ollmhór ag baint leis freisin maidir le heispéireas iomlán an chúrsa do scoláirí. Is féidir leis cur as do dhaltaí a fhreastalaíonn leo féin (mar a dhéanann go leor do scoláirí Choláiste Chamuis) grúpaí cairde a fheiceáil ag freastal le chéile. Bíonn scoláirí níos sóisialta i dtimpeallacht ina mbíonn siad ar fad ar pháirc chothrom. Déanaimid ár ndícheall timpeallacht shóisialta dhearfach a chruthú (le go leor cleachtais agus teicnící atá sainithe againn thar na blianta) ina gcuireann gach scoláire aithne ar a chéile taobh istigh den chéad 2-3 lá. Faigheann seo réidh le riosca cliques agus eisiamh sóisialta.

Ní cheadaítear meascán buachaillí agus cailíní sna tithe lóistín.

Cinnirí

Is cuid rí-thábhachtach de reáchtáil an choláiste iad na cinnirí, is scoláirí níos sine iad atá ina n-iarscoláirí den Choláiste, de ghnáth. Tugtar cuireadh do dhaltaí a bheith ina gCinnirí mar aitheantas ar a gcuid iarrachtaí agus a gcumas ceannaireachta. Is mic léinn agus ceannairí iad na Cinnirí ag an am céanna. Is nasc iad an Cinnire idir scoláirí agus múinteoirí nó idir scoláirí agus Bean an Tí.

Fóin póca

Tá cead ag na daltaí na fóin póca ar na Aoine le haghaidh 30 nóiméad. Ní cheadaítear an fón póca le linn an chúrsa, ach amháin san am atá ceadaithe ar an Aoine. Is sárú tromchúiseach smachta é fón póca a bheith ar iompar ag scoláire. Iarrtar ar thuismitheoirí a chinntiú go gcloíonn na scoláirí leis seo. Bítear ag súil le comhoibriú ó gach duine i gColáiste Chamuis i gcónaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le do ghasúr trí fhón an Choláiste más ga.

Uirlisí ceoil + Trealamh Spóirt

Cuirtear fáilte roimh uirlisí ceoil nó trealamh spóirt. Ní mór a chur in iúl do gach tuismitheoir, caomhnóir agus mac léinn nach mbeidh an Coláiste freagrach as aon damáiste a dhéantar d’aon trealamh atá ainmnithe thuas.

An féidir liom labhairt leis an scoláire?

Is féidir leat labhairt le do ghasúr i rith na seachtaine, más gá. Beidh uimhir an chúrsa ar fáil do gach tuismitheoir. Más gá duit labhairt leis an mac léinn, déanfaidh an coláiste gach iarracht é seo a shocrú, laistigh de fhráma ama réasúnta .

Oícheanta Téamacha

Bíonn céilithe againn mar chuid d’imeachtaí an tráthnóna, agus ina measc beidh céilí’s mar shampla, Céilí Dubh & Bán, Céilí Gléasta, Oíche na gContaetha, Céilí na Nollag agus go leor eile.

Airgead póca

Níl gá le mórán airgead póca i gColáiste Chamuis, mar ní bheidh na scoláirí ag dul go dtí na siopaí gach lá. B’fhéidir go mbeadh laethanta, nó turais, ann ina mbeadh teacht acu ar shiopa le haghaidh milseáin nó uachtar reoite, ach ní chuile lá.

Iompar

Ní eagraíonn Coláiste Chamuis aon chóras iompar, ná aon bhus, don lá teachta ná na lá deireanach. Tá an taisteal ar fad le linn an chúrsa san áireamh sa phraghas.

Sláinte/Tinneas

Tá fáil ar chúram sláinte poiblí agus príobháideach de réir mar is gá. Tugtar tosaíocht i gcónaí do riachtanais leighis na scoláirí. Íocann tuismitheoirí/caomhnóirí na costais leighis.

Déanann Coláiste Chamuis “measúnú riosca sláinte” ar son sláinte agus sábháilteachta scoláirí a bhfuil a bhfuil tinnis áirithe orthu. Déantar é seo ar bhonn cás ar chás agus déantar é ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an dalta. Tagann cásanna chun cinn nuair nach féidir le Coláiste Chamuis freastal go sábháilte ar riachtanais leighis scoláire i dtimpeallacht ár gcúrsaí. Má tharlaíonn seo, pléitear sonraí leis an tuismitheoir agus eisítear aisíocaíocht iomlán de tháillí an chúrsa láithreach. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis gan glacadh le scoláirí a bhfuil tinneas nó riocht sláinte tromchúiseach orthu (fiú agus áirithint deimhnithe). Tá an méid seo ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an scoláire. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ach dul i dteagmháil leis an oifig.

Iompar an dalta

Tá an cheart ag Coláiste Chamuis dalta a smachtú nó a dhíbirt i gcás iompar a mheastar a bheith míchuí nó nach gcomhlíonann an Cód Iompair.

Bítear ag súil le dea-iompar ó gach dalta agus cuirfear an Cód Iompair i bhfeidhm go docht. Beidh mic léinn faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéantar do mhaoin Coláiste Chamuis, do mhaoin na scoile nó d’aon mhaoin eile de chuid fostaithe Coláiste Chamuis, le linn ré an chúrsa.

Beidh fiosrúchán iomlán agus díbirt láithreach mar thoradh ar aon iompar a mheastar a bheith mídhleathach nó coiriúil, nuair a mheastar gur gá sin. I measc na ngníomhaíochtaí sin tá: Damáiste Coiriúil, Caitheamh Tobac, Sealbhú Toitíní, Sealbhú ól nó drugaí/alcóil. Tá cosc iomlán ar vapáil chomh maith. Ní liosta iomlán, uileghabhálach é seo. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis dul i dteagmháil leis an nGarda Síochána chun aon ghníomh coiriúil nó mídhleathach a thuairisciú.

Cúrsaí Árachais

Ní sholáthraíonn Coláiste Chamuis árachas ar earraí pearsanta na scoláirí. Ní féidir le Coláiste Chamuis a bheith freagrach as maoin phearsanta uile an dalta agus ní féidir clúdach árachais a fháil le haghaidh nithe den sórt sin m.sh. éadaí, smidiú /earraí leithris, seodra, uirlisí ceoil, trealamh spóirt, srl. Beidh gach dalta freagrach as a gcuid earraí pearsanta féin agus molaimid gan iad a thabhairt ar iasacht do pháistí eile. Molann Coláiste Chamuis do gach scoláire a gcuid ainmneacha a bheith ar gach rud, oidis san áireamh, mar atá ar an bhfoirm iarratais. Ní ghlacaimid freagracht as maoin caillte nó goidte ag aon chéim den chúrsa agus níl sé de dhualgas orainn maoin caillte a choinneáil in aon suíomh.

Tá árachas dliteanais phoiblí ag Coláiste Chamuis ach is é leas chuile scoláire go mbeadh clúdach árachais timpiste pearsanta aige/aici féin freisin. D’fhéadfadh go mbeadh ‘Árachas Timpiste Pearsanta Dalta’ ar fáil trí do scoil. Clúdaítear scoláirí a bhfuil an rogha “24 Uair” acu le haghaidh timpistí a d’fhéadfadh tarlú i gColáiste Chamuis, nach mbeadh clúdaithe murach é.

Riachtanais bia aiste – táille breise don bhean tí

Má theastaíonn Aiste Bia Céiliach, Saor ó Dhéiríocht nó Vegan ó scoláire ar bith, beidh táille bhreise i gceist don chúrsa. Íocfar an táille breise seo go díreach le an mbean an tí chun an costas breise a bhaineann le freastal ar na riachtanais chothaithe ar leith seo a chlúdach. Beidh táille bia aiste de €50 á ghearradh ar chúrsa coicíse. Beidh táille bia aiste de €80 á ghearradh ar chúrsa 3 seachtaine.

Díbirt ón gcúrsa

Ag teacht le “Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge” de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, tá nós imeachta achomhairc i bhfeidhm ag Coláiste Chamuis ar féidir leas a bhaint as.

  • Cairde,cuimhní agus craic – na laethanta is fearr riamh. Bealach iontach le Gaeilge a fhoghlaim.

    Gillian, Gaillimh
  • I sent all my kids to Coláiste Chamuis over the years and they all came home with a genuine love for Irish, learned a lot, and wanted to return.

    Mícheál, Sligeach
  • My husband, Joe and I would like to express our sincerest 'Go raibh míle maith agaibh' for the wonderful first experience our son L had at Coláiste Chamuis, Halla A2 and your prompt communication with us when L was sick. We really appreciate it. May I also say that L's bean agus fear an tí were also spoken very highly of by L. He is already ag caint about returning next summer! Go raibh míle maith agaibh arís!

    Gerelynn & Joe B
  • I would like to thank you all most sincerely for the wonderful experience E had this year.  Her confidence in speaking as Gaeilge as well as her general knowledge of the language came on in leaps and bounds during the three weeks. Her bean an tí was exceptional and we are very grateful to her for looking after E so well while she was there.  The craic and camaraderie that E experienced while there is unique to the Gaeltacht and she made so many wonderful memories that, I'm sure, she will treasure for life.Go raibh mile maith agaibh go léir.

    Patricia C
  • I would like to express my thanks to all of the tutors and helpers, and particularly the Bean an Ti, for the care and attention shown to my daughter A. She thoroughly enjoyed the experience, and her Irish has come on so well. It is a core memory that will live with her forever. And these are the memories that count. Thank you all.

    Pauline F
  • A big thank for two great weeks in the Gaeltacht. XX had an amazing time and will remember his experience forever more. A big thank you to Bean an Tí XX also. He speaks highly of XX and her kindness and all in Coláiste Chamuis.