Polasaí Bainistithe Tráchta agus Polasaí Bainistithe Soghluaiseachta

Tá Coláiste Chamuis ag feidhmiú i nGaeltacht na Gaillimhe le breis agus 47 bliain agus tá ról tábhachtach ag na Polasaithe Bainistithe Tráchta (MMP) agus na Pleananna Bainistithe Iompair (TMP) seo ar mar a d’fhorbair an Coláiste, agus mar a choimeádann sé, timpeallacht campais ata sábháilte, sláintiúil agus spreagúil i nGaeltacht na Gaillimhe, ina bhfuil traidisiún uasal líofacht Gaeilge daltaí á chur chun cinn.

Is é cuspóir MMP agus TMP an Choláiste comhordú cúramach a dhéanamh ar bhainistiú champas Teálta na hÓige an Choláiste ar bhealach a laghdaíonn an t-éileamh ar charranna agus úsáid carranna, trí tharraingt agus praiticiúlacht modhanna eile iompair a mhéadú agus trí thionchar timpeallachta iompair ar Bhaill Foirne, ar Thuismitheoirí, ar Dhaltaí agus ar an bpobal áitiúil i ngarchomharsanacht champas Teálta na hÓige an Choláiste a laghdú.

Is polasaithe seanbhunaithe agus dinimiciúla iad an MMP agus an TMP ar a ndéanann lucht bainistíochta an Choláiste monatóireacht agus athbhreithniú orthu. An fheidhm atá leo ná timpeallacht oibre shábháilte, níos fabhraí a chur ar fáil do Dhaltaí, Múinteoirí agus Cuairteoirí ar bhealach a chuirfeadh campas Coláiste atá slán sábháilte ar fáil do chách chun cinn, campas nach ndéanfaidh dochar don timpeallacht.

Le linn an téarma múinteoireachta sa Choláiste, cuireann an fhoireann Bainistíochta na polasaithe Bainistithe Soghluaiseachta agus Bainistithe Tráchta seo a leanas i bhfeidhm;

  • Cuirtear cóip de MMP agus TMP an Choláiste ar fáil do Thuismitheoirí, Daltaí, Baill Foirne agus Soláthróirí Seirbhísí sula dtosaíonn gach cúrsa sa Choláiste.
  • Tá Oifigeach tiomnaithe Idirchaidrimh Pobail (CLO) ag an gColáiste a fheidhmíonn mar theagmhálaí le muintir na háite i gcomharsanacht an Choláiste lena chinntiú go gcuirtear na polasaithe Bainistithe Tráchta i bhfeidhm go tréan le linn an téarma múinteoireachta agus chun a chinntiú go gcoimeádtar dea-chaidreamh leis an bpobal áitiúil.
  • Cuirtear córas docht “Aonbhealaigh” i bhfeidhm don trácht ar fad ar an ngréasán bóithre áitiúil thar thréimhse aon chúrsa agus cloíonn an fhoireann múinteoireachta, tuismitheoirí agus na coistí príobháideacha a eagraíonn bainistíocht an Choláiste chun daltaí a iompar anonn is anall ó champas Teálta na hÓige an Choláiste leis an bpolasaí sin.
  • Tá luasteorainn docht “20 KMPH” curtha i bhfeidhm ar fheithiclí ar an ngréasán bóithre áitiúil i ngarchomharsanacht Teálta na hÓige, agus cloíonn foireann an Choláiste, soláthróirí seirbhísí áitiúla, cuairteoirí agus oibritheoirí busanna príobháideacha a fhreastalaíonn ar an gcoláiste leis an bpolasaí sin.
  • Ag na huaireanta is gnóthaí le linn cúrsa, amhail ar an gcéad lá de chúrsa, ar an lá deireanach de chúrsa nó ar lá na gcuairteoirí, bíonn foireann Bainistithe Tráchta ar leith ann le bheith i bhfeighil an ghréasáin bóithre áitiúil agus chun treoir a thabhairt do Thuismitheoirí chuig na pointí ainmnithe fágála agus bailithe; Caitheann gach ball foirne seaicéid shofheicthe ionas go mbeidh siad le haithint i gcónaí.
  • Tá cosc iomlán ar Thuismitheoirí nó Cuairteoirí a bheith ag páirceáil taobh istigh de Champas Teálta na hÓige agus cuirtear an polasaí sin in iúl do Thuismitheoirí agus Daltaí nuair atá Cúrsaí an Choláiste á gcur in áirithe acu. Tá gluaiseachtaí tráchta teoranta i ngarchomharsanacht Teálta na hÓige seachas nuair atá daltaí á bhfágáil ag an gColáiste nó á mbailiú.
  • Tá áiteanna páirceála do bhusanna agus cóistí príobháideacha suite díreach lasmuigh de phríomhbhealach isteach champas an Choláiste.
  • Déantar páirceáil carranna laistigh de chúirtealáiste an choláiste a rialú go cúramach ar shlí arb í barr leasa sláinte agus sábháilteachta leanaí í agus níl cead isteach ar an gcampas ach ag feithiclí seirbhíse agus feithiclí éigeandála amháin.
  • Tá páirceáil carranna ag an gcampas teoranta do bhaill foirne amháin agus tá zóin pháirceála díreach lasmuigh de phríomhtheorainn an champais, laistigh de chúirtealáiste an fhoirgnimh lóistín don Fhoireann atá taobh leis, ar a dtugtar “Tí Mheaig”.
  • Moltar don fhoireann múinteoireachta carr-roinnt a dhéanamh nó leas a bhaint as na busanna príobháideacha a iompraíonn na daltaí anonn is anall ón gcoláiste d’fhonn laghdú eile a chur ar líon na bhfeithiclí a bhíonn ar an ngréasán bóithre áitiúil ag na hamanna is gnóthaí ar maidin agus tráthnóna. Moltar don fhoireann múinteoireachta chomh maith leas a bhaint as carr-roinnt, iompar poiblí, rothaíocht agus siúil mar roghanna eile seachas a bheith ag tiomáint chun na hoibre leo féin.
  • Nuair is féidir, ag brath ar shuíomh a dtí, moltar do dhaltaí teacht chuig an gcampas ar rothar nó de shiúl na gcos freisin. Moltar do dhaltaí úsáid a bhaint as na busanna príobháideacha a eagraíonn bainistíocht an choláiste chun iad a iompar chuig an gcoláiste ó theach a dteaghlaigh óstaigh.