Riail na Gaeilge

 In

Riail na Gaeilge

Ag Coláiste Chamuis, is é an tumoideachas iomlán sa Ghaeilge bunús gach rud a dhéanann muid. Is é an t-aon bhealach é chun teanga a fhoghlaim go sciobtha, go héifeachtach agus go muiníneach – agus sin an t-eispéireas a chuireann muid ar fáil.

Ní mór do scoláirí an Ghaeilge a labhairt i gcónaí agus iad ag freastal ar chúrsa anseo.

Tá an riail seo i bhfeidhm ón nóiméad a shroicheann scoláirí an Coláiste go dtí an nóiméad a fhágann siad ar an lá deiridh. Cinntíonn sé seo timpeallacht foghlama atá measúil, cuimsitheach agus tairbheach do chuile dhuine.

An Méid a bhíonn muidne ag súil leis uaidh na Scoláirí

Táimid ag súil go ndéanfaidh gach scoláire iarracht ó chroí agus comhsheasmhach an Ghaeilge a labhairt i gcónaí agus iad ar an gcúrsa. Tá rannpháirtíocht ghníomhach sa Ghaeilge mar choinníoll le bheith mar chuid de Choláiste Chamuis. Baineann labhairt an Bhéarla nó teanga eile an bonn den eispéireas do dhaoine eile agus téann sé i gcoinne thiomantas comhroinnte an ghrúpa. Caithfidh scoláirí a bheith réidh chun glacadh go hiomlán leis an riail seo le dearcadh dearfach agus tuiscint shoiléir ar a bhfuiltear ag súil leis.


An chaoi a chuirtear an Riail seo i bhfeidhm

Tá sé riachtanach go ndéanfaidh scoláirí cumarsáid trí mheán na Gaeilge i gcónaí le linn aon chúrsa nó gníomhaíocht a eagraíonn Coláiste Chamuis.

Sa chás go bhfuil scoláirí ag déanamh a ndícheall leis an nGaeilge agus ag léiriú iarrachta, tacóidh ár bhfoireann leo agus spreagfaidh siad iad de réir mar is gá. Mar sin féin, nuair a labhraíonn scoláirí abairt iomlán i dteanga eile seachas an Ghaeilge, coimeádann Coláiste Chamuis an ceart gníomh smachtaithe a dhéanamh.

Déantar cinntí smachtaithe ar bhonn cás ar chás, agus an comhthéacs, rún agus dearcadh an scoláire, agus an tionchar ar dhaoine eile á gcur san áireamh. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar ghníomhaíocht chuí rabhadh béil, teagmháil le tuismitheoirí, nó, nuair is gá, an scoláire a sheoladh abhaile.

I gcásanna ina ndéanann scoláire neamhaird d’aon turas agus go feasach ar Riail na Gaeilge, d’fhéadfadh sé go mbeadh air/uirthi an cúrsa a fhágáil láithreach, gan rabhadh a thabhairt roimh ré.

Ní eiseofar aon aisíocaíocht in aon chás ina bhfuil ar scoláirí imeacht mar gheall ar shárú Riail na Gaeilge.


Nóta do thuismitheoirí / Chaomhnóirí

Iarrann muid ar gach tuismitheoir agus caomhnóir a chinntiú go dtuigeann a ngasúr an riail seo ina iomláine – agus go bhfuil sé/sí sásta í a leanúint – sula bhfreastalaíonn sé/sí ar an gcúrsa. Má tá aon cheist agat nó má tá imní ort faoi céard atá i gceist le Riail na Gaeilge go praiticiúil, nó faoi ullmhacht do ghasúr chun cloí go docht leis an riail seo, déan teagmháil linn sula gcláraíonn tú. Tá an riail seo riachtanach chun go n-éireoidh leis an gcúrsa agus caithfear cloí leis.