Réamhrá
Tá sé d’aidhm ag Coláiste Chamuis eolas ar a n-oidhreacht bheo Ghaelach a thabhairt do dhaoine óga trína gcuid turais scoile sa Ghaeltacht agus go speisialta deis a chur ar fáil dár gcuid scoláirí líofacht i labhairt na Gaeilge a bhaint amach. Is í an Ghaeilge eochair na hoidhreachta sin, dar linn. Is é taithí Choláiste Chamuis gurb é an lántumadh teanga an bealach is éifeachtaí leis an aidhm thuasluaite a bhaint amach. Dá bhrí sin, is í an Ghaeilge an t-aon teanga chumarsáide le linn turais scoile. Bímid ag súil leis go labhróidh scoláirí Gaeilge i gcónaí, agus tá riail ar leith ag an gColáiste maidir le labhairt na Gaeilge le linn turais scoile (féach Riail 3 thíos).
Ní foláir do scoláirí agus dá dtuismitheoirí/chaomhnóirí dlíthiúla (“caomhnóirí”) a thuiscint agus glacadh leis go bhfuil gá le rialacha soiléire d’fhonn aidhmeanna an Choláiste a bhaint amach go héifeachtach agus d’fhonn freastal ar leas coiteann ghrúpa measctha scoláirí in aoisghrúpaí éagsúla. Leanann Coláiste Chamuis dea-chleachtais agus treoirlínte an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le heagrú agus reáchtáil cúrsaí & turais scoile. Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí/chaomhnóirí a chinntiú go bhfuil a bpáistí ar an eolas faoi Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste agus na himpleachtaí a bhaineann le sáruithe.
Déanfaidh foireann Choláiste Chamuis gach réamhchúram réasúnach le linn a gcuid turais scoile. Mar sin féin, fanann príomhfhreagracht na maoirseachta ar scoláirí leis an scoil chuairte. Ní ghlacann Coláiste Chamuis freagracht ar bith as timpistí nó as gníomhartha sáraitheacha déanta ag scoláirí. Glacann scoláirí páirt in imeachtaí ar a bpriacail féin. Moltar do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil árachas pearsanta sláinte agus timpiste ag na scoláirí (m.sh. árachas timpiste pearsanta na ndaltaí). Ní ghlacann Coláiste Chamuis freagracht as sealúchas na scoláirí. I gcás gortaithe nó tinnis, tacóidh foireann an Choláiste le foireann na scoile chun gníomhú go cuí, ach fanann an fhreagracht ar chinntí leighis leis an scoil agus le caomhnóirí an scoláire.
Ní cheadaítear do scoláire ar bith freastal ar thuras scoile de chuid Choláiste Chamuis nó go nglaca an scoláire agus tuismitheoir/caomhnóir le Rialacha agus Cód Iompair seo an Choláiste, glacadh a chuirfear in iúl trí shíniú a chur leis an gcáipéis seo san áit chuí. Faoi údaráis Choláiste Chamuis atá sé an cinneadh deiridh a dhéanamh faoi bhrí Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste.
Rialacha agus Cód Iompair
- Tá Coláiste Chamuis freagrach as cur i bhfeidhm chlár an turais scoile, i gcomhar le foireann na scoile cuairte. Is í an fhoireann de chuid Choláiste Chamuis a reáchtálann na turais scoile ó lá go lá agus ní foláir do scoláirí glacadh lena n-údarás go cúirtéiseach agus glacadh le gnáthrialacha agus nósmhaireachtaí an Choláiste mar a chuirfidh an Príomh-Oide agus an fhoireann scoile in iúl iad.
- Ní foláir do scoláirí meas a bheith acu ar a gcuid comhscoláirí, ar fhoireann an Choláiste, ar chuairteoirí, ar mhuintir na dtithe lóistín, agus ar chuile dhuine eile a bhfuil baint acu leis an gColáiste. Ní foláir do scoláirí meas a bheith acu ar áiseanna an Choláiste, ar fhoirgnimh na scoile agus ar a dteach lóistín agus ar thimpeallacht an tí lóistín. Sa chás go mbriseann scoláire rud ar bith nó go ndéanann sé/sí dochar do shealúchas an Choláiste nó an tí lóistín, in aon turas nó trí thimpiste, ní foláir do thuismitheoir(í) an scoláire sin cúiteamh a dhéanamh as an dochar sin. Ní foláir do scoláirí iad féin a iompar agus a ghléasadh go cuí i gcónaí.
- Ní foláir do scoláirí cumarsáid i gcónaí tré Ghaeilge le linn turais scoile eagraithe ag Coláiste Chamuis.
- Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis a gcuid rialacha a chur i bhfeidhm agus socruithe cuí, faoi dhiscréid an Choláiste (socruithe a bhfuil ina measc treoir a thabhairt do scoláire an turas scoile a fhágáil) a chur i bhfeidhm sa chás go n-iompraíonn scoláire iad fein i mbealach a mheasann An Coláiste a bheith míchuí agus nach bhfuil ag teacht leis an gCód Iompair. Is é taithí na Bainistíochta gur gá, ar mhaithe le leas agus sábháilteacht na scoláirí agus le dea-riaradh turais scoile, scoláirí a chur abhaile ar thromchúiseanna áirithe. Seo thíos liosta (nach bhfuil iomlán uileghabhálach) de na tromchúiseanna faoina gcuirfear scoláirí abhaile gan fógra roimh ré:
(a) scoláire ar bith a ionsóidh, nó a dhéanfaidh bagairt, dochar nó bulaíocht le gníomh nó le caint, nó a sháróidh a spás pearsanta ar mhuintir a t(h)í lóistín, ar scoláire eile, nó ar bhall fóirne, nó ar dhuine ar bith eile atá bainteach leis an gColáiste.
(b) scoláire ar bith a ólfaidh nó a úsáidfidh deoch mheisciúil, vapes, drugaí mídhlisteanacha, aon substaintí a bhfuil éifeacht fhiseolaíoch acu nach bhfuil forordaithe ag dochtúir ar chúinsí leighis, nó aon substaint mhídhlisteanach eile nó aon earraí contúirteacha, nó aon nithe eile a mheasann an Coláiste a bheith míchuí, nó a dhéanfaidh iarracht a leithéid a shealbhú, nó a mbeidh a leithéid ina s(h)eilbh, nó a ghríosfaidh scoláire eile lena leithéid a shealbhú.
(c) Tá cosc ar lasáin, soilse nó aon rud a bheadh mar bhaol sábháilteachta nó dóiteáin;
(d) scoláire ar bith nach ngéillfidh d’iarratas ó mhúinteoir nó ó dhuine údarásach cuí a bhfuil amhras air faoi shárú riail 4(b) agus/nó 4(c) thuas pócaí, málaí, baill éadaigh srl., a fholmhú d’fhonn a fháil amach an bhfuil substaintí mídhlisteanacha nó earraí contúirteacha ar an láthair;
(e) scoláire ar bith a ghabhfaidh isteach i dteach tábhairne gan tuismitheoir/caomhnóir a bheith leis/léi;
(f) scoláire ar bith a mbeidh caidreamh gnéasúil míchaoithiúil, i dtuairim an Choláiste, aige/aici le scoláire eile nó le duine ar bith eile;
(g) Níl cead ag scoláirí gruaig a chéile a bhearradh ná aon athrú eile dá leithéid a dhéanamh ar a gcuma phearsanta nó ar chuma scoláire eile le linn an chúrsa (m.sh. polladh cluaise nó coirp, malaí súl a bhearradh srl);
(h) scoláire ar bith a dhéanfaidh damáiste do shealúchas duine eile, a chuirfidh isteach ar shealúchas duine eile, a ghoidfidh sealúchas duine eile, nó a dhéanfaidh iarracht a leithéid a dhéanamh;
(i) scoláire ar bith a fhágfaidh a t(h)each lóistín tar éis filleadh ó imeachtaí ar champas an Choláiste, nó a fhágfaidh imeacht oifigiúil de chuid an Choláiste, nó a fhágfaidh an láthair ar iarradh air/uirthi fanacht ann, gan cead ón bPríomh-Oide nó ó dhuine údarásach cuí.
- Tá cead ag scoláirí fón póca amháin a thabhairt leo ar an turas scoile. Leanfar an polasaí úsáide fón póca a shocraíonn an scoil féin.
- Beidh sé de chead ag an bPríomh-Oide nó ag duine údarásach cuí foláireamh a thabhairt do scoláire maidir lena (h)iompar ar chúis ar bith. Cuirfear an múinteoir atá i gceannas ar an turas ar an eolas más cuí
- Ní cheadaítear ríomhairí, consóil cluichí, gléasanna taifeadta, MP3s, IPADS/IPOS nó ábhar léitheoireachta nach bhfuil i nGaeilge.
- Tá scoláirí agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as earraí pearsanta a thugann na scoláirí leo ar thuras scoile, agus trí ghlacadh leis na Rialacha & Cód Iompair seo dearbhaíonn na scoláirí agus na tuismitheoirí/caomhnóirí araon nach dtabharfaidh na scoláirí aon ní leo ar thuras scoile, agus nach mbeidh aon ní ina seilbh acu ar an turas scoile, a sháródh na Rialacha & Cód Iompair seo agus/no a chúiseodh dochar dóibh féin nó do scoláirí eile.
- Beidh an cód seo i bhfeidhm ón nóiméad a shroicheann an scoláire Campas Choláiste Chamuis go dtí go bhfágann an bus scoile an campas ag deireadh an turais.
I gcás sáraithe tromchúisí, cuirfidh foireann Choláiste Chamuis an scoil ar an eolas gan mhoill. Is ag an scoil a bheidh an cinneadh deiridh, i gcomhairle le Coláiste Chamuis, maidir le scoláire a bhaint ón turas scoile. Déanfar socruithe taistil i gcomhphlé leis an scoil agus leis na tuismitheoirí/chaomhnóirí.
Ní dhéanfar aisíocaíocht ar tháillí i gcás sáraithe. Ní dhéanfar eisceachtaí.
Dearbhú
Glacaimid, an scoláire agus an tuismitheoir/caomhnóir araon, leis na téarmaí agus coinníollacha (atá ar fáil tríd an nasc le linn an phróisis iarratais nó ón oifig) agus leis na Rialacha agus Cód Iompair seo. Geallaimse, an scoláire, nach labhróidh mé ach Gaeilge le linn mo thurais scoile agus go gcloífidh mé leis an riail teanga agus le rialacha uile an Choláiste le meon dearfach.

