Téarmaí agus coinníollacha

Is féidir le Coláiste Chamuis na téarmaí agus coinníollacha seo a thabhairt suas chun dáta ó am go ham agus tiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm láithreach nuair a chuirtear iad ar fáil anseo. Bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoi na téarmaí agus coinníollacha reatha le do thoil. Beidh fáil agat ar na téarmaí agus coinníollacha seo i gcónaí lena n-iniúchadh tríd an nasc a seoladh chugat i do ríomhphost deimhnithe.

Téarmaí agus coinníollacha íocaíochta

  1. Tá an córas íocaíochta seo á chur ar fáil ag Coláiste Chamuis agus a sholáthraithe tríú páirtí.
  2. Léigh na téarmaí seo go cúramach le do thoil sula mbaineann tú úsáid as an gcóras íocaíochta ar-líne. Is ionann an córas íocaíochta ar-líne seo a úsáid agus glacadh leis na téarmaí sin. Muna nglacann tú leis na téarmaí íocaíochta sin ná húsáid an córas.
  3. Tabhair dod aire freisin le do thoil Téarmaí & Coinníollacha OGMA Campus Solutions Teo agus an Polasaí Príobháideachais.
  4. Tá chuile íocaíocht faoi réir ag na téarmaí seo:
  5. Sa ghnáthbhealach sroichfidh d’íocaíocht an cuntas de chuid Choláiste Chamuis a bhfuil tú ag íoc isteach ann ar an gcéad lá oibre eile.
  6. Ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach as íocaíocht nach sroichfidh an cuntas ceart de bharr gur thug tú uimhir mhícheart cárta nó sonraí pearsanta míchearta.
  7. Ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach ach oiread as íocaíocht a dhiúltóidh soláthraí an chárta creidmheasa ar chúis ar bith.
  8. Beidh na sonraí íocaíochta ar fad a cuirfear isteach sa gcóras íocaíochta seo i bhfoirm rúnda nuair a chuirfidh an cliant, nó aon tríú páirtí a bheidh ag déanamh íocaíochta, isteach iad. Tá chuile chumarsáid chuig agus ó shuíomh sholáthraí na seirbhíse i bhfoirm rúnda.
  9. Ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach as má theipeann ar aon chliant nó aon tríú páirtí a chinntiú nach bhfeicfidh aon duine eile aon sonraí ar a scáileán, nó nach dtiocfaidh siad ar shonraí ar aon bhealach eile, le linn na híocaíochta ar-líne, ná ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach as má theipeann ar dhuine eolas cruinn a chur ar fáil le linn na híocaíochta ar-líne.
  10. Soláthraí Seirbhíse: Is féidir íocaíochtaí táillí ar-líne a dhéanamh le cárta creidmheasa nó le cárta dochair. Glacfaidh agus deimhneoidh an Soláthraí Seirbhíse (Stripe) gach beart. Tabharfar fógra láithreach don chliant a dheimhneoidh ar glacadh nó nár glacadh leis an gcárta.
  11. Bainfear an t-airgead as do chuntas taobh istigh de 48 uair an chloig.
  12. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis táille aon chúrsa a mhéadú ag aon am ar scoláirí cláraithe roimh thús aon chúrsa. Ní dhéanfar aon mhéadú mar seo a chur i bhfeidhm ach amháin de bharr méadú ar chostaisí cúrsa a rith de bharr cúinsí nach bhfuil neart ag an gColáiste orthu (san áireamh anseo tá costas ar socruithe ar gá a cur I bhfeidhm chun cúrsa a rith de bharr fógra rialtais, ach gan a bheith teoranta chuige sin, agus/nó ar mholadh ón rialtas nó ó údarás cuí eile nó ó choiste cuí comhairleach nó ón tríú páirtí). Má déantar an táille a mhéadú ar scoláirí cláraithe, tabharfar an rogha do gach scoláire cláraithe aisíoc iomlán ar tháillí íoctha, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125 a fháil in áit freastal ar chúrsa.
  13. Má theastaíonn Aiste Bia Céiliach, Saor ó Dhéiríocht nó Vegan ó scoláire ar bith, beidh táille bhreise i gceist don chúrsa. Íocfar an táille breise seo go díreach le an mbean an tí chun an costas breise a bhaineann le freastal ar na riachtanais chothaithe ar leith seo a chlúdach. Beidh táille bia aiste de €50 á ghearradh ar chúrsa coicíse. Beidh táille bia aiste de €80 á ghearradh ar chúrsa 3 seachtaine.

Dearbhú áite

Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis discréid an Choláiste, i gcomhréir lena bpolasaithe, a úsáid chun áit aon iarrthóir a dhearbhú. Tá sé de cheart freisin ag Coláiste Chamuis gan glacadh le scoláirí (fiú agus áirithint deimhnithe) ar chúrsa i gcomhréir le discréid an Choláiste.

Ábhar agus leagan amach cúrsaí

Eispéireas sóisialta atá i gcroílár chúrsa Choláiste Chamuis. Cuid bhunúsach dár gcúrsaí an meascadh sóisialta i ngar dá chéile ag scoláirí. Dá réir sin, tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis athruithe a dhéanamh ar aon chúrsa (ag tógáil san áireamh mar shampla fad, struchtúr, gníomhaíochtaí i measc rudaí eile) má mheasaimid go bhfuil contúirt ann don tsláinte phoiblí nó más é tuairim aon údaráis chuí go bhfuil an chontúirt sin ann.

Cumarsáid

Cosnaíonn Coláiste Chamuis ár gceart cumarsáid a dhéanamh lenár gcliaint trí ríomhphost agus trí théacs de bhrí go bhfuil cumarsáid chruinn thráthúil riachtanach do dhea-riaradh an Choláiste. Beidh chuile chumarsáid chugat ó Choláiste Chamuis bainteach le gnóthaí an Choláiste. Tá sé tábhachtach dúinn na bealaí cumarsáide seo a choinneáil oscailte d’fhonn ár gcliaint a choinneáil ar an eolas maidir le gnóthaí an Choláiste.

Sláinte (Treoracha COVID 19 san áireamh)

Cuirfear na treoirlínte seo a leanas i bhfeidhm le linn chúrsaí Choláiste Chamuis ar mhaithe le sábháilteacht, le sláinte agus le folláine na scoláirí agus na foirne uilig.

  1. Tabhair faoi deara le do thoil: Glacfar go sealadach le hiarratas scoláirí nuair a déanfar áirithint. Agus áit deimhnithe don scoláire ar a chúrsa, beidh áirithintí deimhnithe ag brath ar na treoirlínte sláinte a bheas i bhfeidhm aimsir an chúrsa, agus is féidir go mbeidh sé san áireamh go gcaithfear dearbhú a sholáthar maidir le stádas Covid 19 an scoláire maille le foirm mheasúnaithe dochtúra. Is féidir na treoirlínte seo a athrú ag brath ar chomhairle sláinte chuí.
  2. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis gan glacadh le scoláirí nach gcomhlíonann na treoirlínte sláinte is deireanaí atá againn (páipéarachas a bhaineann le cúrsaí sláinte san áireamh).
  3. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis gan glacadh le scoláirí a bhfuil tinneas nó riocht sláinte tromchúiseach orthu (fiú agus áirithint deimhnithe). Tá an méid seo ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an scoláire.
  4. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis iarraidh ar scoláire an cúrsa a fhágáil má chreideann an Coláiste, ar chúis ar bith, go bhfuil contúirt ann do shláinte nó sábháilteacht an scoláire sin, nó aon scoláire eile, nó aon bhall foirne, i ngeall ar an scoláire sin a bheith ar an gcúrsa.
  5. Sa gcás go mbíonn borradh faoi chásanna Covid 19, tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis gan glacadh le scoláirí ar bhunús a n-áit chónaithe (fiú agus áirithint deimhnithe).
  6. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis cúrsaí a chur ar ceal bunaithe ar eolas staitisticiúil agus ar threoirlínte rialtais maidir le Covid 19 agus víorais eile.
  7. Sa gcás go gcuirtear cúrsa ar ceal, déanfar aisíoc iomlán le hiarrthóirí lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa mar a leagtar amach é inár bpolasaí cealaithe.
  8. Ó tharla go mbaineann rioscaí sláinte agus galair go sainiúil le gach duine ar leith, ba cheart do thuismitheoirí comhairle sláinte a fháil maidir le riachtanais shainiúla scoláire roimh fhreastal ar Choláiste Gaeilge. Molaimid comhairle ghairmiúil a fháil i gcónaí.
  9. Má tá scoláire faoi 18 mbliana d’aois, tá sé de dhualgas ar an tuismitheoir/ gcaomhnóir a chinntiú go bhfuil an scoláire ag cloí go hiomlán le riachtanais sláinte agus imdhíonaithe an stáit. Molann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) do thuismitheoirí/chaomhnóirí páistí a imdhíonú do Bhruitíneach, Leicneach, Bhruitíneach Dhearg agus MenC roimh fhreastal ar chúrsa. Molaimid comhairle ghairmiúil a fháil i gcónaí.
  10. Má tá scoláire os cionn 18 mbliana d’aois, tá sé de dhualgas ar an scoláire a chinntiú go bhfuil sé/sí ag cloí go hiomlán le riachtanais sláinte agus imdhíonaithe an stáit. Molann an FSS do thuismitheoirí/chaomhnóirí páistí a imdhíonú do Bhruitíneach, Leicneach, Bhruitíneach Dhearg agus MenC roimh fhreastal ar chúrsa. Molaimid comhairle ghairmiúil a fháil i gcónaí.
  11. I gcomhréir le treoirlínte an FSS, má bhíonn comharthaí galair thógálaigh ar do pháiste (m.sh., leicneach, infhabhtú víorasach, tinneas boilg, fliú muice, meiningíteas srl.) beidh sé de dhualgas ort an páiste a thabhairt abhaile láithreach d’fhonn scaipeadh an tinnis a chosc.
  12. Míola gruaige: i ngeall ar a fhairsinge is atá míola gruaige ar fud na tíre, iarraimid ar thuismitheoirí a bpáistí a choinneáil faoi scrúdú, agus na céimeanna cuí a ghlacadh, d’fhonn cosc a chur lena scaipeadh.
  13. Bíonn fáil i gcónaí ar chóir leighis le linn cúrsaí agus toilíonn tuismitheoirí/caomhnóirí agus scoláirí le soláthar garchabhrach (a bhféadfadh leigheasanna a thabhairt a chur san áireamh nó ag déanamh CPR nó idirghabháil garchabhrach eile dá samhail) ag foireann an Choláiste nó aon duine freagrach eile Muintir na dtithe lóistín san áireamh, chun aon mhionghortaithe a chóireáil, saol an dalta a shábháil nó anacair throm a laghdú i gcás éigeandála.

Ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach as costas chuairteanna dochtúra, oideas, ná ospidéalaithe. Muna mbíonn scoláire in ann táille dochtúra a íoc ar an lá, cuirfear an bille chuig tuismitheoirí – agus beidh an bille sin iníoctha roimh dheireadh an chúrsa. Caithfidh an scoláire eolas cuí faoi chárta leighis/árachas sláinte a chur ar an bhfoirm sláinte chuí, a chaithfear a chomhlánú sula dtosaíonn an scoláire ar an gcúrsa.

  1. Caithfear chuile leigheas agus chuile ghaireas leighis a thabhairt ar láimh do Bhean an Tí ag tús an chúrsa. San áireamh anseo tá leigheas ar oideas agus leigheas gan oideas. Breathnóidh Bean an Tí i ndiaidh leigheas a thabhairt don scoláire. Den mhórthábhacht é go míneodh tuismitheoirí/caomhnóirí an riachtanas seo do scoláirí. Ag brath ar a mhinicí agus a chaithfear an leigheas a ghlacadh, coinneofar é sa gColáiste nó sa teach lóistín. Iarrfaidh Bean an Tí ar chuile scoláire chuile leigheas a thabhairt ar láimh di, ach sa deireadh tá sé de dhualgas ar scoláirí Bean an Tí a chur ar an eolas faoi na leighis sin. Ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach as aon leigheas nach dtabharfar ar láimh do Bhean an Tí nó nach bhfuil siad curtha ar an eolas fúthu. Is féidir díolúine a thabhairt don socrú seo maidir le leigheas a thabhairt ar láimh, i gcúinsí áirithe. Mar shampla, is féidir le scoláirí ionanálaitheoirí/pinn Epi a choinneáil. Ba cheart do thuismitheoirí/chaomhnóirí labhairt le Priomhoide an chúrsa má bhaineann an díolúine seo le scoláire. I gcás oideas leighis, ní foláir é a lua mar chuid den eolas cuí ar fhoirm sláinte an scoláire.

Lóistín Sábháilte agus Úsáid Shábháilte Áiseanna

  1. Bíodh is gur Coláiste inscní measctha é Coláiste Chamuis, úsáidimid leithris agus áiseanna gléasta, agus dáilimid lóistín, ar bhunús inscne an scoláire. Ag teacht lenár bpolasaí um chaomhnú agus leas leanaí, agus ag cur sábháilteacht gach scoláire san áireamh, cuireann an Coláiste polasaí dáileadh lóistín agus úsáid leithris i bhfeidhm a iarrann ar gach scoláire leithris a úsáid, agus fanacht i lóistín, de réir inscne breithe an scoláire, agus/nó de réir inscne an scoláire mar atá ar phas reatha an scoláire, agus ní de réir inscne faoi mar a tharlódh go bhféadfadh scoláire féinaithint a dhéanamh.
  2. Ba cheart aon riachtanais/iarratais speisialta ina leith seo a chur in iúl d’oifig an Choláiste roimh an gcúrsa. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an Coláiste san áireamh, ar bhunús cás ar chás, go ndéanfaí athruithe réasúnacha ar an bpolasaí seo, agus go gcíorfaí na féidearthachtaí maidir le tacaíocht chuí a chur ar fáil do scoláire ar leith, ach iarratas a fháil chuige sin agus an cheist a bheith pléite roimh ré leis an scoláire a bheadh i gceist agus lena dtuismitheoirí araon.
  3. Tá gach lóistín á leithroinnt ar bhonn aois atá measctha. Beidh ar a laghdú duine amháin eile d’aois réasúnta cosúil sa lóistín le gach scoláire.
  4. Beidh roinnt grúpaí éagsúla do scoláirí d’aoiseanna éagsúla atá réasúnta cosúil le chéile i lóistín le chéile.
  5. Tá socruithe lóistín do gach scoláire fós faoi réir athraithe le linn an chúrsa má cheapann an Coláiste gur gá nó gur cuí athruithe a dhéanamh.
  6. Tuigeann agus glacann scoláirí agus tuismitheoirí na scoláirí atá ag freastal ar chúrsa i gColáiste Chamuis go bhfuil scoláirí os cionn 18 mbliana d’aois ag freastal ar chúrsaí i gColáiste Chamuis agus go bhféadfadh na scoláirí sin a bheith ag roinnt lóistín le scoláirí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Tá gach meicníocht maoirseachta a mheasann an Coláiste a bheith cuí chun dul i ngleic leis na cúinsí/sáinní sin i bhfeidhm i gColáiste Chamuis.
  7. Is cuairteoirí iad na scoláirí sna Tithe Lóistín agus táthar ag súil le dea-iompar uathu i gcónaí. Mura gcomhlíonann scoláire an caighdeán iompair seo, féadfar a iarraidh air/uirthi an lóistín a fhágáil.
  8. Polasaí maidir le cuairteoirí sa Teach Lóistín
    Ní mór do Mhuintir an Tí Lóistín a chinntiú, maidir le haon chuairteoirí/aíonna agus/nó conraitheoirí a thagann chuig a dteach nó a fhanann ann:

    1. nach bhfágtar ina n-aonar sa teach iad, i.e. gan duine de Mhuintir an Tí Lóistín a bheith i láthair;
    2. nach dtéann siad isteach in áit chodlata aon scoláire ná in aon seomra folctha atá leithdháilte ar scoláirí, ach amháin i gcás go bhfuil sé riachtanach dul isteach chun deisiúcháin nó cothabháil riachtanach a dhéanamh, ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta, nó i gcás éigeandála leighis, folláine, iompair nó eachtra eile a bhaineann le sábháilteacht an scoláire. Ba cheart aon rochtain den chineál sin, a mhéid is réasúnach agus is féidir, a dhéanamh nuair nach bhfuil scoláirí i láthair agus duine de Mhuintir an Tí Lóistín i láthair. Níor cheart aon chuairteoir/aoi agus/nó conraitheoir den chineál sin a fhágáil ina aonar sna háiteanna sin mura bhfuil sé sin dosheachanta go réasúnach sna cúinsí.
    3. nach gcuireann siad isteach ar mhaoin/shealúchais aon scoláire ná nach gcuireann siad isteach orthu ar bhealach ar bith.
  9. Socruithe Iompair ar Bhus agus Maoirseacht

Cuirtear iompar bus a eagraíonn an Coláiste ar fáil ar bhonn aoiseanna measctha, cibé acu chun taisteal chuig an gColáiste/ag filleadh ón gColáiste ag tús agus ag deireadh cúrsa [nó chun taisteal chuig an gColáiste/ag filleadh ón gColáiste le linn cúrsa].

Ní bheidh duine fásta maoirseachta de chuid an Choláiste ar bord ar gach turas bus [agus ba cheart do thuismitheoirí a thabhairt faoi deara nach mór do scoláirí cloí le Cód Iompair an Choláiste agus iad ag taisteal ar aon turas bus den chineál sin].

10. Polasaí maidir le cuairteanna Tuismitheoirí/Caomhnóirí ar an Teach Lóistín
Ar choinníoll go mbeidh duine de Mhuintir an Tí Lóistín i láthair ar feadh thréimhse na cuairte, tá cead ag tuismitheoirí/caomhnóirí cuairt a thabhairt ar Theach Lóistín scoláire (agus dul isteach in áit chodlata an scoláire lena mbaineann) ar na cúiseanna seo a leanas amháin:

    1. scoláire agus a chuid sealúchais a thabhairt chuig an Teach Lóistín ag tús an chúrsa; agus
    2. scoláire a bhailiú, cibé acu le linn an chúrsa ar chúiseanna leighis, nó i gcás go bhfuil an scoláire á bhailiú chun an cúrsa a fhágáil am ar bith.

Le linn aon chuairt cheadaithe den chineál sin, ní mór do thuismitheoirí/chaomhnóirí a chinntiú i gcónaí na gcuireann a gcuairt isteach (an méid is gur féidir), ar aon scoláire eile ná ar Mhuintir an Tí Lóistín, agus nach ndéanann siad aon damáiste do mhaoin ná do shealúchais Mhuintir an Tí Lóistín ná d’aon scoláire eile, ná nach gcuireann siad isteach orthu ar bhealach ar bith.

 

Maidir le haon chuairt eile ar scoláire i dTeach Lóistín, ní mór fógra a thabhairt roimh ré do Phríomhoide an chúrsa ina leith. Tá cead cuairte faoi rogha agus faoi dhiscréid an Choláiste agus Bhean an Tí/Fhir an Tí.  Agus an discréid sin á feidhmiú acu, cuirfidh siad cuspóir na cuairte, tionchar láithreacht an chuairteora, agus gaol aon chuairteora/chuairteoirí leis an scoláire/na scoláirí lena mbaineann san áireamh.

 

Ní cheadaítear scoláire a thógáil amach as cúram an Choláiste, as imeachtaí an Choláiste ná as an Teach Lóistín gan cead soiléir ó Phríomhoide an Chúrsa roimh ré. Má tá scoláire á thógáil amach, caithfear é/í a shíniú amach de réir nós imeachta an Choláiste agus caithfear é/í a shíniú isteach arís ar fhilleadh dó/di. Is é an gnáthnós go ndéantar an síniú amach agus an síniú isteach san Ionad / sa Choláiste nuair is féidir. Má tá bailiú nó filleadh an-luath nó an-déanach, nó mura bhfuil an tIonad ar oscailt, is féidir leis an bPríomhoide socrú eile a cheadú roimh ré. Seoltar an deis síniú ar ríomhphost chuig an tuismitheoir más ag an teach atá an scoláire le bailiú.

 

11. Maoirseacht ar Scoláirí le linn Laethanta Cuairte Ainmnithe

Tuigeann agus admhaíonn tuismitheoirí/caomhnóirí, agus glacann siad leis, i gcúinsí ina mbíonn ar aon scoláire fanacht ina T(h)each Lóistín agus cúram a fháil ann ar feadh an lae ar fad nó ar feadh aon chuid de lá atá ina “Lá Cuairte Ainmnithe ag Tuismitheoir / Caomhnóir / Duine Ainmnithe”, go bhféadfadh sé tarlú gurb é/gurb í an scoláire sin an t-aon scoláire sa Teach Lóistín ag aon tráth ar leith, faoi réir i gcónaí do bheartais agus nósanna imeachta an Choláiste maidir le cumhdach agus leas scoláirí.

 

  1. Maoirseacht ar Scoláire Tinn i dTeach Lóistín

I gcúinsí ina n-éiríonn scoláire tinn agus nach bhfuil sé/sí in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí an chúrsa, tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis, tráth ar bith, éileamh ar thuismitheoir/chaomhnóir an scoláire a bhailiú, aire leighis a lorg don scoláire, nó cibé socruithe eile a dhéanamh a mheasann an Coláiste a bheith réasúnach agus riachtanach ar mhaithe le sláinte, folláine agus sábháilteacht an scoláire.

Tuigeann agus admhaíonn tuismitheoirí/caomhnóirí, agus glacann siad leis, faoi réir i gcónaí do  nósanna imeachta agus do pholasaithe an Choláiste maidir le cumhdach, sláinte, folláine agus tinneas scoláirí), i gcúinsí ina bhfuil scoláire tinn, agus nuair:

  • nach bhfuil aire ná idirghabháil leighis de dhíth; agus/nó
  • nach bhfuil bailiú ag tuismitheoir/caomhnóir de dhíth, nach féidir é a eagrú láithreach, nó go bhfuil moill ar an mbailiú sin;

go bhféadfadh an Coláiste, chun sos agus teacht chuige féin an scoláire a éascú, cinneadh a dhéanamh go bhfanfadh an scoláire ina Theach Lóistín féin (lena n-áirítear fanacht sa leaba, más cuí sin) faoi chúram agus faoi mhaoirseacht duine fásta de Mhuintir an Tí Lóistín atá grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána déanta air/uirthi, faoi réir seiceálacha réasúnacha ó bhall d’fhoireann an Choláiste, cibé acu a fhógraítear roimh ré iad nó nach bhfógraítear.

 

  1. I gcásanna ina ndiúltaíonn Muintir na dTithe Lóistín leanúint ar aghaidh ag cur lóistín ar fáil do scoláire mar gheall ar a iompar, ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach as socruithe lóistín eile a aimsiú, i dTeach Lóistín eile nó ar aon bhealach eile. Mar sin féin, chomh fada is nach bhfuil Cód Iompair an Choláiste sáraithe ag an scoláire, féadfaidh an scoláire leanúint ar aghaidh ag freastal ar an gcúrsa má chuireann na tuismitheoirí/caomhnóirí lóistín cuí eile ar fáil ar a gcostas féin. (Má sháraíonn an scoláire an Cód Iompair, tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis éileamh go bhfágfaidh an scoláire an cúrsa).

 

Próiseas Iarratais (measúnú iarratais agus dearbhú áite san áireamh)

  1. Nuair a sheolann tuismitheoir/mac léinn isteach fhoirm fiosrúcháin tosaigh gheobhaidh an t-iarratasóir ríomhphost le foirm iarratais iomlán chun an próiseas iarratais a chríochnú.
  2. Níl aon iarratas ar áit ar chúrsa déanta go dtí go bhfuil an foirm iarratais iomlán comhlánaithe.
  3. Nuair atá foirm iarratais comhlánaithe, déanfaidh an Coláiste an t-iarratas a mheasúnú d’áit a dhearbhú ar chúrsa taobh istigh d’achar ama réasúnta.
  4. Seolfar ofráil spáis dóibh siúd go bhfuil spás ann dóibh. Gheobhaidh an t-iarratasóir nasc íocaíochta ar ríomhphost freisin.
  5. Ní mór an chéad tráthchuid a íoc taobh istigh de 24 uair a chloig chun an áit a dhearbhú agus a dhaingniú ar chúrsa.
  6. Cé go gcuirtear san áireamh an tam a déantar a chéad íocaíocht, ní dheimhnítear áirithintí go huilíoch ar bhonn an uair a thagann siad isteach ar chóras an Choláiste. I measc na cúinsí a chuirtear san áireamh agus iarratais á measúnú chun áiteanna a dhearbhú tá:
  • Scoláirí ag filleadh* vs scoláirí nua

*(déanfar measúnú ar iarratas an scoláire i gcomhthéacs comhlíonadh cód iompair an Choláiste san am atá caite)

  • Siblíní iarscoláirí
  • Leanaí iarscoláirí
  • Aois
  • Scoil/Club (Cuireann an Coláiste srian ar an líon na scoláirí a thagann le chéile ó aon scoil/club amháin chun a chinntiú inár dtuairim go féidir cúrsa lán tumtha Cúrsa Gaeilge a chur ar fáil go sásúil – dar leis an gColáiste, ní féidir le scoláirí iad féin a thumadh go hiomlán sa teanga agus sa chultúr má tagann siad le grúpa mór cairde. Dar leis an Coláiste, tá líofacht ábhartha freisin).
  • Cóimheas inscne ar an gcúrsa
  • éagsúlacht agus cuimsiú
  • am íocaíochta an 1ú tráthchuid
  • scoláireachtaí
  1. Nuair atá na critéir measúnaithe tógtha san áireamh ag an gColáiste, seoltar, más féidir, dearbhú áite chuig scoláire dá rogha cúrsa. Déanann an Coláiste gach iarracht a chinntiú go bhfaigheann na scoláirí áit ar an gcúrsa gur rogha leo – ní mór a nótáil nach bhfuil seo a gcónaí indéanta. Mura féidir a rogha cúrsa a thairiscint don scoláire, déanfar cúrsa eile a thairiscint dóibh.
  2. Déantar aisíocaíocht iomlán d’aon duine nach bhfaigheann áit a rogha cúrsa agus nach mian leo áit a thógáil ar cúrsa eile atá ar fáil.
  3. Ní ghlactar le haon éarlais ar iarratas a chláraíonn ar liosta feithimh. Ní dhéantar íocaíocht ach amháin nuair a fhaightear áit ar chúrsa ón liosta feithimh.

Polasaí Cealaithe agus Aisíocaíochta

Den mhórthábhacht go mbeifeá ar an eolas faoi Pholasaí Cealaithe agus Aisíocaíochta agus faoi tháillí riaracháin maidir le do chonradh le Coláiste Chamuis.

  1. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis glacadh leis go bhfuil áirithint ar ceal mura n-íoctar fuílleach an táille 60 lá roimh thús dháta cúrsa. Sa gcás sin forghéillfear an éarlais iomlán agus ní dhéanfar aon aisíoc éarlaise.
  2. Caithfear gach cealú a dhéanamh i scríbhinn.
  3. I gcás cealaithe ag scoláire cláraithe, suas go dtí 60 lá roimh thúsdháta cúrsa, déanfar aisíoc iomlán, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125.
  4. I gcás cealaithe ag scoláire cláraithe, 45 go dtí 60 lá roimh thúsdháta cúrsa, déanfar aisíoc iomlán, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €250.
  5. I gcás cealaithe ag scoláire cláraithe, 30 go dtí 45 lá roimh thúsdháta cúrsa, forghéillfear an éarlais iomlán.
  6. I gcás cealaithe ag scoláire cláraithe, níos lú ná 30 roimh thúsdháta cúrsa, forghéillfear an táille iomlán.
  7. Sa gcás go gcaithfidh scoláire cúrsa a fhágáil, nó go roghnóidh scoláire cúrsa a fhágáil, nó go n-iarrfaidh an Coláiste ar scoláire an cúrsa a fhágáil, uair ar bith, forghéillfear an táille iomlán.
  8. Sa gcás go gcuirfidh an Coláiste cúrsa ar ceal roimh thús dháta an chúrsa sin, de bharr cúinsí nach bhfuil neart ag an gColáiste orthu (san áireamh de bharr fógra rialtais, ach gan a bheith teoranta chuige sin), agus/nó ar mholadh ón rialtas nó ó údarás cuí eile nó ó choiste cuí comhairleach nó ón tríú páirtí, déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €75.
  9. Mura nglacann Coláiste Chamuis ar chúrsa le scoláire nach gcomhlíonann na treoirlínte sláinte is deireanaí atá againn (páipéarachas a bhaineann le cúrsaí sláinte san áireamh), déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha ar bhunús pro-rata bunaithe ar laethanta a comhlánadh ar an gcúrsa, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125.
  10. Mura nglacann Coláiste Chamuis ar chúrsa le scoláire a bhfuil tinneas nó riocht sláinte tromchúiseach orthu (fiú agus áirithint deimhnithe), déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha ar bhunús pro-rata bunaithe ar laethanta a comhlánadh ar an gcúrsa.
  11. Má iarann Coláiste Chamuis ar aon scoláire ar leith cúrsa a fhágáil mar go gcreideann an Coláiste, ar chúis ar bith, go bhfuil contúirt ann do shláinte nó sábháilteacht an scoláire sin, nó aon scoláire eile, nó aon bhall foirne, i ngeall ar an scoláire sin a bheith ar an gcúrsa déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha ar bhunús pro-rata bunaithe ar laethanta a comhlánadh ar an gcúrsa, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125 lúide táille cúrsa laethúil de €15 an lá do laethanta nach bhfuil comhlánaithe den chúrsa.
  12. Sa gcás go mbíonn borradh faoi chásanna Covid 19, agus nach nglacann Coláiste Chamuis le scoláire ar chúrsa ar bhunús a n-áit chónaithe (fiú agus áirithint deimhnithe déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha ar bhunús pro-rata bunaithe ar laethanta a comhlánadh ar an gcúrsa, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125.
  13. Sá chás go leagann na treoirlínte sláinte is deireanaí amach nár cheart do scoláire freastal ar Choláiste Gaeilge mar gheall ar shrianta áitiúla (m.sh. dianghlasála áitiúil nó réigiúnda, déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha ar bhunús pro-rata bunaithe ar laethanta a comhlánadh ar an gcúrsa, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125.
  14. Sa gcás go gcuirfidh an Coláiste cúrsa ar ceal tar éis thúsdháta an chúrsa sin, de bharr cúinsí nach bhfuil neart ag an gColáiste orthu (san áireamh de bharr fógra rialtais, ach gan a bheith teoranta chuige sin), agus/nó ar mholadh ón rialtas nó ó údarás cuí eile nó ó choiste cuí comhairleach nó ón tríú páirtí, déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha ar bhunús pro-rata bunaithe ar laethanta a comhlánadh ar an gcúrsa, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125 lúide táille cúrsa laethúil de €15 an lá do laethanta nach bhfuil comhlánaithe den chúrsa.
  15. Eispéireas sóisialta atá i gcroílár chúrsa Choláiste Chamuis. Cuid bhunúsach dár gcúrsaí an meascadh sóisialta i ngar dá chéile ag scoláirí. Dá réir sin, tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis cúrsa ar bith a chur ar ceal roimh thús cúrsa má mheasaimid go bhfuil contúirt ann don tsláinte phoiblí nó más é tuairim aon údaráis chuí go bhfuil an chontúirt sin ann. Sa gcás sin, déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha ar bhunús pro-rata bunaithe ar laethanta a comhlánadh ar an gcúrsa, lúide táille riaracháin agus ullmhúchán cúrsa €125.
  16. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis cúrsa ar bith a chur ar ceal mura bhfuil glaoch ar an gcúrsa sin. Sa gcás sin, déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha.
  17. Sa gcás nach mbíonn fáil ar chúis ar bith ar lóistín do scoláirí ag túsdháta cúrsa, lóistín a bhí faoi chonradh roimh ré, déanfaidh Coláiste Chamuis chuile iarracht réasúnta chun malairt lóistín a fháil. Sa gcás nach n-éireodh linn an lóistín sin a fháil, tá sé de cheart ag an gColáiste áirithintí a chealú ar an mbunús “an duine deiridh istigh an chéad duine amuigh” faoi réir riachtanais oibríochtúla an chúrsa. Agus an bunús sin á chur i bhfeidhm, tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis scoláire a choinneáil ar an gcúrsa más gá a fhreastal leanúnach le haghaidh fheidhmiú an chúrsa — scoláire atá ceaptha ina Chinnire Tí nó ina Leas-Chinnire Tí, soláirí eile atá ag filleadh, siblíní eile ag freastal ar an chúrsa céanna san áireamh, ach gan a bheith teoranta dóibh sin — agus sa gcás sin, is iad na chéad áirithintí eile is deireanaí a rinneadh a bheas i gceist ina n-áit. Sa gcás seo, cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí na scoláirí a bheas i gceist ar an eolas agus déanfar aisíoc iomlán ar tháillí íoctha.
  18. Is féidir áirithintí a aistriú suas go dtí 30 lá roimh thúsdháta cúrsa ach áit a bheith ar fáil.

Árachas

  1. Tá sé de fhreagracht ar scoláirí iad féin árachas a bheith acu ar a sealúchachas pearsanta féin. Molann Coláistí Chamuis go mbeadh aon earraí luachmhara a thugann scoláirí leo ar a gcúrsa clúdaithe ag an rannóg “Rioscaí Uile” i bpolasaí árachais tí tuismitheoirí (mar shampla, uirlisí ceoil, ceamara, seodra).
  2. Tá scoláirí freagrach as aon sealúchachas pearsanta a thugann siad leo ar a gcúrsa agus moltar go láidir dóibh gan a sealúchas pearsanta a thabhairt ar iasacht do dhaoine eile agus iad ar a gcúrsa.
  3. Molann Coláiste Chamuis do scoláirí a n-ainm (mar atá ar a bhfoirm iarratais) a chur ar a sealúchas féin, oidis leighis san áireamh.
  4. Ní bheidh Coláiste Chamuis freagrach as earraí a caillfear nó a goidfear ag am ar bith den chúrsa, agus níl aon dualgas ar an gColáiste earraí caillte a choinneáil in aon ionad ar leith.
  5. Agus iad ag freastal ar an gcúrsa glacann na mic léinn páirt i ngach agus aon ghníomhaíocht ar chúrsa, a eagraítear maraon lena gníomhaíochtaí tharlaíonn go spontáineach gan eagrú (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a úsáideann aon trealamh spóirt) ar bhunús ‘féin riosca’.

Ba cheart go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas go bhfuil ‘Árachas Timpiste Pearsanta Daltaí’ ar fáil trí na scoileanna. Mar sin, molann Coláiste Chamuis go láidir go mbeadh Árachas Timpiste Pearsanta ag scoláirí roimh theacht ar an gcúrsa.

  1. Beidh scoláirí freagrach as aon damáiste a dhéanfaidh siad le linn a gcúrsa do mhaoin Choláiste Chamuis, do mhaoin scoile nó d’aon sealúchas eile de chuid Choláiste Chamuis nó a chuid fostaithe

Cód Gléasta

  1. Ag teacht le polasaithe cosanta agus leasa daoine óga, tá cód simplí gléasta ag Coláiste Chamuis. I ngeall ar go bhfuil meascán mór aoise ar ár gcuid cúrsaí, éilíonn an cód gléasta seo go mbeadh fo-éadaí scoláirí clúdaithe i gcónaí. Ní cheadaítear do scoláirí manaí a d’fhéadfadh a bheith maslaitheach a bheith acu ar a gcuid éadaí, ar mhálaí, ar sheodra srl.
  2. Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí/chaomhnóirí an tábhacht a bhaineann le cosaint ó ghathanna UV na gréine a mhíniú do scoláirí – san áireamh iad a chur ar an eolas maidir le húsáid chuí ola ghréine agus cosaint chuí ón ngrian trí éadaí cuí a chaitheamh. Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí/chaomhnóirí a chinntiú go dtuigeann scoláirí go bhfuil an dualgas orthu féin iad féin a chosaint ón ngrian trí ghléasadh go cuí agus trí bheartais chuí a ghlacadh i gcónaí le linn a gcúrsa.

 

Nochtadh Eolais Ábhartha

  1. Tá dualgas ar thuismitheoirí/chaomhnóirí aon eolas a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do shláinte, sábháilteacht, leas, maoirseacht, iompar nó rannpháirtíocht an scoláire ar an gcúrsa a chur in iúl do Choláiste Chamuis roimh thús an chúrsa. Baineann sé seo freisin le haon eolas a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chumas Choláiste Chamuis aire cheart a thabhairt don scoláire agus tacaíocht chuí a chur ar fáil dó / di le linn an chúrsa.
  2. Áirítear leis seo, ach níl sé teoranta dó seo amháin, eolas leighis, riachtanais maidir le cógas, eolas faoi aiste bia nó ailléirgí, riachtanais bhreise, deacrachtaí iompair, cúiseanna imní mothúchánacha nó meabhairshláinte, eachtraí a tharla roimhe seo, riachtanais mhaoirseachta, nó aon ní eile a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar rannpháirtíocht an scoláire i gcúrsa cónaithe Gaeilge.
  3. Sa chás nach bhfuil eolas ábhartha curtha ar fáil roimh ré, agus / nó má mheasann Coláiste Chamuis le linn an chúrsa nach bhfuil timpeallacht an chúrsa, an lóistín, an córas maoirseachta nó na tacaíochtaí atá ar fáil oiriúnach don scoláire, nó nach bhfuil siad ag freastal go cuí ar riachtanais an scoláire, coimeádann Coláiste Chamuis an ceart a éileamh go bhfágfadh an scoláire an cúrsa.
  4. Déanfar aon chinneadh den chineál sin agus aird á tabhairt ar shláinte, sábháilteacht agus leas an scoláire féin, na scoláirí eile, na dteaghlach lóistín, na foirne agus ar reáchtáil cheart an chúrsa. I gcás mar sin, beidh sé de dhualgas ar na tuismitheoirí / caomhnóirí an scoláire a bhailiú chomh luath agus is réasúnta de réir mar a iarrfaidh Coláiste Chamuis.

Cuairteanna

  1. Ní ceadaítear do scoláirí an Coláiste a fhágáil le linn a gcúrsa gan cead ó údaráis an Choláiste maille le cead scríofa tuismitheora/caomhnóra.
  2. Ní ceadaítear do scoláirí an Coláiste a fhágáil le linn a gcúrsa le duine nach tuismitheoir/caomhnóir é/í gan cead ó údaráis Choláiste Chamuis maille le cead scríofa tuismitheora/caomhnóra. Ní foláir don tuismitheoir/chaomhnóir an cead scríofa seo a thabhairt don Choláiste tríd an nasc leictreonach a sheolfaidh an Coláiste chuig an tuismitheoir/chaomhnóir roimh an gcúrsa. Ní leor glaoch gutháin sa gcás seo.
  3. Caithfidh scoláirí an cúrsa iomlán a dhéanamh. Den chuid is mó, ní cheadaítear scoláirí a thabhairt ón gcúrsa, le tuismitheoir/chaomhnóir ná le duine eile, ach amháin i gcás eisceachtúil a bheadh ceadaithe ag Príomhoide an chúrsa. Moltar go dtabharfaí litir do stiúrthóir an chúrsa ag tús an chúrsa maidir le cás ar bith den chineál seo.
  4. Ní ceadaítear do scoláirí an Coláiste a fhágáil trí aon chóras eile, iompar poiblí agus tacsaithe príobháideacha san áireamh.

Bailiú agus úsáid sonraí neamhphearsanta

Ar nós fhormhór suíomhanna idirlín, bailíonn muid eolas staitistiúil agus anailíseach bunaithe ar mhóriomlán na gcuairteoirí chuig ár suíomh idirlín. Ní féidir tú a aithint ón mbailiú sonraí seo.

Polasaí Bainistiú Tráchta ag Campas Teálta na hÓige

  1. Cuirtear córas docht “Aonbhealaigh” i bhfeidhm don trácht ar fad ar an ngréasán bóithre áitiúil thar thréimhse aon chúrsa agus cloíonn an fhoireann múinteoireachta, tuismitheoirí agus na coistí príobháideacha a eagraíonn bainistíocht an Choláiste chun daltaí a iompar anonn is anall ó champas Teálta na hÓige an Choláiste leis an bpolasaí sin.
  2. Tá luasteorainn docht “20 KMPH” curtha i bhfeidhm ar fheithiclí ar an ngréasán bóithre áitiúil i ngarchomharsanacht Teálta na hÓige, agus cloíonn foireann an Choláiste, soláthróirí seirbhísí áitiúla, cuairteoirí agus oibritheoirí busanna príobháideacha a fhreastalaíonn ar an gcoláiste leis an bpolasaí sin.
  3. Tá cosc iomlán ar Thuismitheoirí nó Cuairteoirí a bheith ag páirceáil ar Champas Teálta na hÓige agus cuirtear an polasaí sin in iúl do Thuismitheoirí agus Daltaí nuair atá Cúrsaí an Choláiste á gcur in áirithe acu. Tá gluaiseachtaí tráchta teoranta i ngarchomharsanacht Teálta na hÓige seachas nuair atá daltaí á bhfágáil ag an gColáiste nó á mbailiú.
  4. Sábháilteacht ar BhóithreAgus iad ag siúl ar bhóithre poiblí (nó á dtrasnú), ba cheart do scoláirí cloí leis an treoir sábháilteachta a chuireann an Coláiste ar fáil agus, go háirithe:
    • éadaí geala ard-infheictheachta a chaitheamh agus iad ag siúl i rith an lae, agus éadaí frithchaiteacha a chaitheamh agus iad ag siúl san oíche;
    • siúl chomh gar agus is féidir do thaobh na láimhe deise den bhóthar, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an trácht atá ag teacht ina dtreo;
    • taisteal i ngrúpaí de réir an Tí Lóistín agus siúl beirt le beirt;
    • nuair atá an bóthar cúng agus trácht ag teacht ina dtreo, siúl i líne shingil agus gan siúl riamh níos mó ná beirt le beirt;
    • gan an bóthar a thrasnú, lena n-áirítear agus iad ag éirí as carr nó bus, ach amháin in áit agus ag am a bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh, agus féachaint ar dheis agus ar chlé agus éisteacht amach don trácht sula dtrasnaíonn siad agus le linn dóibh a bheith ag trasnú.

Polasaí Príobháideachais

  1. Is éard is brí le sonraí pearsanta, sonraí a d’fhéadfaí a úsáid chun tú a aithint, mar shampla, d’ainm, seoladh, uimhir fón póca, seoladh ríomhphoist.
  2. Próiseáilfear na sonraí pearsanta a sheolann tú chugainn ar na bealaí seo a leanas:
  • Chun íocaíochtaí uait a éascú.
  • Chun eolas a thabhairt duit maidir le sonraí a lorgaíonn tú uainn.
  • Chun téacsanna, ríomhphoist agus nuachtlitreacha a sheoladh chugat tar éis duit glacadh leis an rogha sin nuair a líon tú ár gcuid foirmeacha ar-líne, nó glacadh leis ar aon bhealach eile.
  • Chun cumarsáid riachtanach a dhéanamh le cliaint trí ríomhphost nó téacs le go bhfeidhmeodh Coláiste Chamuis go héifeachtach (mar shampla, treoir taistil, eolas faoi uimhreacha tagartha, agus cumarsáid riachtanach eile).
  • Sonraí atá riachtanach chun a chinntiú go bhfuil Cúrsaí Choláiste Chamuis ag feidhmiú i gceart. Caithfidh foireann Choláiste Chamuis sonraí pearsanta scoláirí agus tuismitheoirí a úsáid agus iad ag cur cúrsa den chéad scoth ar fáil a dhéanfaidh freastal ar riachtanais na scoláirí (mar shampla, eolas faoi bhliain ar scoil, cén scoil, stair le Coláiste Chamuis, líofacht mheasta an scoláire, tuairsicí ó bhaill foirne agus ó mhúinteoirí, eolas sláinte srl). Úsáidtear an t-eolas seo chun socruithe lóistín a dhéanamh, chun ranganna agus grúpaí a shocrú, srl.
  1. Coinneofar sonraí atá riachtanach chun a chinntiú go bhfuil cúrsaí Choláiste Chamuis ag feidhmiú i gceart (mar shampla, stair agus dul chun cinn scoláirí sa gColáiste) a fhad is a bheidh gá leis na sonraí seo chun aidhmeanna an Choláiste a chomhlíonadh nó chun riachtanais dlí, cuntasaíochta, feidhmithe nó tuairiscithe a chomhlíonadh.
  2. Coinneofar sonraí chun dul i dteagmháil leat maidir le Gníomhaíochtaí Alumni agus cúrsaí eile a chuireann Coláiste Chamuis ar fáil. Ní roinnfear do chuid sonraí pearsanta ach ar chúis dhlisteanach agus an méid sin taobh istigh de Choláiste Chamuis amháin.
  3. Tá tuismitheoirí/caomhnóirí a chláraigh scoláire le Coláiste Chamuis ar bhunachar sonraí Choláiste Chamuis de bhrí gur chuir siad scoláire chuig cúrsa i gColáiste Chamuis. Ar an mbonn sin, tá cúis dhlisteanach againn le teagmháil a dhéanamh leat. Ní roinnfear, ní dhíolfar agus ní sceithfear do chuid sonraí pearsanta taobh amuigh de Choláiste Chamuis.
  4. Tá sé de cheart agat iarratas a dhéanamh ar chóip d’aon sonraí pearsanta a bhaineann leat atá inár seilbh. Tá sé de cheart agat freisin go gceartófaí sonraí atá míchruinn nó mícheart. Tá sé de cheart agat freisin go scriosfaí na sonraí seo.
  5. Más mian leat go stopfadh muid ag déanamh teagmhála leat seol ríomhphost chuig eolas@coláistechamuis.ie

Polasaí Fón Póca

  1. Tá cead ag scoláirí fón póca amháin a thabhairt leo ar an gcúrsa. Caithfidh scoláirí an dea-chleachtas seo thíos a leanacht maidir lena bhfón póca:
  2. Caithfidh scoláirí a bhfón póca agus an luchtóir a thabhairt do Bhean an Tí lena gcoinneáil slán nuair a sroicheann siad an teach lóistín (leis na málaí) ar an gcéad lá den chúrsa. Ba chóir go mbeadh lipéad ar gach fón agus luchtóir, lena n-ainm agus uimhir an fhóin, a bheidh fágtha le Bean an Tí.  Ceadaítear an fón póca sa Teach Lóistín chun teagmháil a dhéanamh leis an mbaile amháin ag am a aontófar chuile Aoine ar feadh c.30 nóiméad. Caithfear an fón a thabhairt ar ais do Bhean an Tí díreach tar éis an ghlaoigh sin. Ní ceadaítear seilbh ar aon fhón eile seachas an fón atá i seilbh Bhean an Tí.
  3. Ní cheadaítear aon phictiúir/físeáin d’aon scoláire eile le linn cúrsa le Coláiste Chamuis a uaslódáil ar an idirlíon agus/nó ar na meáin shóisialta gan cead a fháil roimh ré ó Phríomhoide an Chúrsa. Áirítear leis seo ach níl sé teoranta do shuímh/aipeanna ar nós VSCO, BeReal, facebook, instagram, snapchat, youtube, X, tik tok nó aon mheán eile. Má tharlaíonn seo beidh ar an scoláire an cúrsa a fhágáil.
  4. Ní ghlacann Coláiste Chamuis aon fhreagracht as aon chumarsáid idir scoláirí tríd an idirlíon agus/nó aon ardán meán sóisialta. Tá aon chumarsáid den chineál sin faoi fhreagracht tuismitheoirí/caomhnóirí na scoláirí.
  5. Ní ghlacann Coláiste Chamuis aon fhreagracht as aon phictiúir/físeáin a uaslódáil scoláirí ar an idirlíon agus/nó ar ardáin meán sóisialta. Tá aon phictiúir/físeáin den chineál sin faoi fhreagracht tuismitheoirí/caomhnóirí na scoláirí.
  6. Ní ghlacann Coláiste Chamuis aon fhreagracht as aon chumarsáid, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do phictiúir/físeáin a uaslódáil scoláirí ar an idirlíon agus/nó ar ardáin meán sóisialta, nuair nach bhfuil siad ar an gcúrsa (i.e. nuair a shínigh scoláire amach as an gColáiste nó tar éis don chúrsa críochnú (i.e. nuair a bhailítear an páiste ar an lá deireanach nó nuair a fhágann an bus Campas an Choláiste)). Tá aon chumarsáid den chineál sin faoi fhreagracht tuismitheoirí/caomhnóirí na scoláirí.”

 

Ceart cuardaigh i gCás Imní faoi Shábháilteacht agus Comhlíonadh an Chóid Iompair

Ar mhaithe le riar mhaith an Choláiste, agus chun sábháilteacht, leas agus cearta gach scoláire agus ball foirne a chaomhnú, tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis cuardach a dhéanamh ar sheomra nó ar shealúchais scoláire (málaí, taisceadáin nó earraí pearsanta eile san áireamh) i gcúinsí ina bhfuil cúis réasúnach ag ball foirne den Choláiste nó ag Bean an Tí/Fear an Tí a chreidiúint go bhfuil an scoláire i seilbh earra nó substainte atá contúirteach, toirmiscthe, nó ag sárú Chód Iompair an Choláiste.

 

Cód Iompair

  1. Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí/caomhnóirí a chinntiú go dtuigeann a gcuid páistí Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste agus go dtuigeann siad chomh maith an iarmhairt a leanfaidh má sháraíonn scoláirí Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste.
  2. Siúd is go ndéanfaidh údaráis Choláiste Chamuis gach faichill réasúnach ar fhaitíos na timpiste le linn dóibh ag bheith i mbun chúram scoláirí, ní ghlacann na húdaráis chéanna freagracht ar bith as timpistí ná as sárú in aon turas a dhéanfaidh scoláirí ar rialacha. Glacann scoláirí páirt in imeachtaí ar a bpriacail féin.
  3. Ní cheadaítear do scoláire ar bith freastal ar chúrsa de chuid Choláiste Chamuis nó go nglaca an scoláire agus tuismitheoir/caomhnóir le Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste, glacadh a chuirfear in iúl trína síniú le linn phróiseas an iarratais.
  4. Meastar go bhfuil scoláirí ar an gcúrsa i gcónaí mura bhfuil siad sínithe amach as an gcúrsa ag tuismitheoir/caomhnóir nó duine fásta eile le cead an tuismitheora/chaomhnóra.
  5. Críochnaíonn an cúrsa nuair a bhailítear an scoláire ar an lá deiridh nó nuair a fhágann an bus Campas an Choláiste. Tá sé de fhreagracht ar thuismitheoirí/caomhnóirí na scoláirí a chinntiú go bhfuil an scoláire ag cloí le Cód Iompair Choláiste Chamuis ar aon bhus (na cinn a eagraíonn an Coláiste san áireamh) ag filleadh abhaile ag deireadh an chúrsa.
  6. Cé go bhfuil meicníochtaí maoirseachta i bhfeidhm ag an gColáiste a mheasann sé a bheith cuí chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Chóid Iompair ag scoláirí agus chun iarracht a dhéanamh an comhlíonadh sin a chinntiú, tuigeann agus glacann tuismitheoirí/caomhnóirí leis nach mbíonn an mhonatóireacht sin leanúnach agus/nó nach mbíonn sí cuí ná indéanta go réasúnach i ngach cúinse nó i ngach láthair, amhail le linn iompair ar bhus, in áiteanna codlata sa lóistín, i seomraí feistis nó in áiseanna seomra folctha.
  7. Faoi údaráis Choláiste Chamuis atá sé an cinneadh deiridh a dhéanamh faoi bhrí Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste.