Ag obair ag Coláiste Chamuis
POSTANNA MAR MHÚINTEOIR NÓ MAR CHÚNTÓIR
Ar mhaith leat seal a chaitheamh ag obair linn mar mhúinteoir nó mar chúntóir i gColáiste Chamuis áit a bhfuil:
- an teanga bheo á labhairt ó lá go lá sa phobal Gaeltachta
- déagóirí ar na cúrsaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim
- an bhéim ar pháirtíocht agus ar ghníomhaíochtaí trí Ghaeilge
- córas lántumadh teanga ina bhfoghlaimíonn na scoláirí go leor
- foireann gheanúil Ghaelach
Fáiltímid i gcónaí roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe (bunscoile agus meánscoile) mar mhúinteoirí ar ár gcuid cúrsaí. Má tá suim agat i bpost múinteoireachta ar chúrsaí Choláiste Chamuis, cliceáil ar an nasc thall agus líon isteach foirm iarratais.
Fáiltímid freisin roimh iarratais mar chúntóirí ó mhic léinn tríú leibhéal atá i mbun staidéir ar an nGaeilge (san Ollscoil nó i gColáiste Oideachais). Má tá suim agat i bpost cúntóireachta ar chúrsaí Choláiste Chamuis, cliceáil ar an nasc thall agus líon isteach foirm iarratais.
Bainisteoir Cúnta Riaracháin
Uaireanta Oibre | Luan go hAoine, 9 go 5. Solúbthacht ag teastáil maidir le uaireanta i rith séasúr an tsamhraidh - tús agus deireadh cúrsaí ach go háirithe. |
Tuarastal | Tá tuarastal mhaith ag ráta an mhargadh cuí. Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí. |
Téarma Conradh | 9 mí . Tá deis ann go b’fhéadfaí post buan a dhéanamh den phost seo don iarrthóír cuí. |
Lóistín | Tá lóistín i Ros a’ Mhíl ar fáil leis an phost seo. |
Freagrach | Do Bhainisteoir an Choláiste. |
Láthair Oibre | Teálta na hÓige, Ros a’ Mhíl, Co. na Gaillimhe, H91 AW21. Is obair ar láthair atá i gceist leis an ról seo. Iarrfar freisin ar an té a cheapfar, freastal ar chruinnithe agus imeachtaí timpeall na tíre ó am go chéile. |