Working at Coláiste Chamuis
POSTANNA MAR MHÚINTEOIR NÓ MAR CHÚNTÓIR
Ar mhaith leat seal a chaitheamh ag obair linn mar mhúinteoir nó mar chúntóir i gColáiste Chamuis áit a bhfuil:
- an teanga bheo á labhairt ó lá go lá sa phobal Gaeltachta
- déagóirí ar na cúrsaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim
- an bhéim ar pháirtíocht agus ar ghníomhaíochtaí trí Ghaeilge
- córas lántumadh teanga ina bhfoghlaimíonn na scoláirí go leor
- foireann gheanúil Ghaelach
Fáiltímid i gcónaí roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe (bunscoile agus meánscoile) mar mhúinteoirí ar ár gcuid cúrsaí. Má tá suim agat i bpost múinteoireachta ar chúrsaí Choláiste Chamuis, cliceáil ar an nasc thall agus líon isteach foirm iarratais.
Fáiltímid freisin roimh iarratais mar chúntóirí ó mhic léinn tríú leibhéal atá i mbun staidéir ar an nGaeilge (san Ollscoil nó i gColáiste Oideachais). Má tá suim agat i bpost cúntóireachta ar chúrsaí Choláiste Chamuis, cliceáil ar an nasc thall agus líon isteach foirm iarratais.
