Réamhrá

Tá sé d’aidhm ag Coláiste Chamuis eolas ar a n-oidhreacht bheo Ghaelach a thabhairt do dhaoine óga trínár gcúrsaí Gaeltachta agus go speisialta deis a chur ar fáil dár gcuid scoláirí líofacht i labhairt na Gaeilge a bhaint amach. Is í an Ghaeilge eochair na hoidhreachta sin, dar linn. Is é taithí Choláiste Chamuis gurb é an lántumadh teanga an bealach is éifeachtaí leis an aidhm thuasluaite a bhaint amach. Dá bhrí sin, is í an Ghaeilge aonteanga chumarsáide agus chaidrimh ár gcúrsaí. Bímid ag súil leis go labhróidh scoláirí an Ghaeilge amháin le linn cúrsaí, agus tá riail ar leith ag an gColáiste maidir le labhairt na Gaeilge ar na cúrsaí (féach 3 thíos).

Ní foláir do scoláirí agus dá dtuismitheoirí/caomhnóirí dlíthiúla (“caomhnóirí”) a thuiscint agus glacadh leis go bhfuil gá le rialacha soiléire d’fhonn aidhmeanna an Choláiste a bhaint amach go héifeachtach agus d’fhonn freastal ar leas coiteann ghrúpa measctha scoláirí in aoisghrúpaí éagsúla. Leanann Coláiste Chamuis rialacháin agus treoracha dea-chleachtais an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in eagrú agus riaradh ár gcuid cúrsaí. Tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí agus ar scoláirí a chinntiú go dtuigeann siad araon aidhmeanna Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste agus go dtuigeann siad chomh maith an iarmhairt a leanfaidh má sháraíonn scoláirí Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste.

Siúd is go ndéanfaidh údaráis Choláiste Chamuis gach faichill réasúnach ar fhaitíos na timpiste le linn dóibh ag bheith i mbun chúram scoláirí, ní ghlacann na húdaráis chéanna freagracht ar bith as timpistí ná as sárú in aon turas a dhéanfaidh scoláirí ar rialacha. Glacann scoláirí páirt in imeachtaí ar a bpriacail féin. Moltar do thuismitheoirí a ndóthain féin árachais sláinte agus timpiste pearsanta a bheith acu. Ní ghlacann An Coláiste freagracht as sealúchas na scoláirí.

Ní cheadaítear do scoláire ar bith freastal ar chúrsa de chuid Choláiste Chamuis nó go nglaca an scoláire agus tuismitheoir/caomhnóir le Rialacha agus Cód Iompair seo an Choláiste, glacadh a chuirfear in iúl trí shíniú a chur leis an gcáipéis seo san áit chuí. Faoi údaráis Choláiste Chamuis atá sé an cinneadh deiridh a dhéanamh faoi bhrí Rialacha agus Cód Iompair an Choláiste.

Rialacha agus Cód Iompair

  1. Faoin mbainistíocht atá sé An Coláiste a riaradh. Is iad an Príomh-Oide agus an fhoireann teagaisc a riarann na cúrsaí ó lá go lá agus ní foláir do scoláirí glacadh lena n-údarás go cúirtéiseach agus glacadh le gnáthrialacha agus nósmhaireachtaí an Choláiste mar a chuirfidh an Príomh-Oide agus an fhoireann teagaisc in iúl iad.
  2. Ní foláir do scoláirí meas a bheith acu ar a gcuid comhscoláirí, ar fhoireann an Choláiste, ar chuairteoirí, ar mhuintir na dtithe lóistín, agus ar chuile dhuine eile a bhfuil baint acu leis an gColáíste. Ní foláir do scoláirí meas a bheith acu ar áiseanna an Choláiste, ar fhoirgnimh na scoile agus ar a dteach lóistín agus ar thimpeallacht an tí lóistín. Sa chás go mbriseann scoláire rud ar bith nó go ndéanann sé/sí dochar do shealúchas an Choláiste nó an tí lóistín, in aon turas nó trí thimpiste, ní foláir do thuismitheoir(í) an scoláire sin cúiteamh a dhéanamh as an dochar sin. Ní foláir do scoláirí iad féin a iompar agus a ghléasadh go cuí i gcónaí. Ní foláir do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí/Scoláirí íoc as gach costas leighis.
  3. Ní foláir do scoláirí cumarsáid i gcónaí tré Ghaeilge le linn cúrsa nó imeacht ar bith eile de chuid an Choláiste.
    1. Sa chás go a labhróidh scoláire abairt iomlán i dteanga ar bith seachas an Ghaeilge le linn cúrsa nó imeacht ar bith eile de chuid an Choláiste, gníomhóidh an Coláiste chun a gcuid rialacha a chur i bhfeidhm. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis a gcuid rialacha a chur i bhfeidhm agus socruithe cuí, faoi dhiscréid an Choláiste, a chur i bhfeidhm (socruithe a bhfuil ina measc treoir a thabhairt do scoláire an cúrsa a fhágáil).
  1. Tá sé de cheart ag Coláiste Chamuis a gcuid rialacha a chur i bhfeidhm agus socruithe cuí, faoi dhiscréid an Choláiste (socruithe a bhfuil ina measc treoir a thabhairt do scoláire an cúrsa a fhágáil) a chur i bhfeidhm sa chás go n-iompraíonn scoláire iad fein i mbealach a mheasann An Coláiste a bheith míchuí agus nach bhfuil ag teacht leis an gCód Iompair.  Is é taithí na Bainistíochta gur gá, ar mhaithe le leas agus sábháilteacht na scoláirí agus le dea-riaradh na gcúrsaí, scoláirí a chur abhaile ar thromchúiseanna áirithe. Seo thíos liosta (nach bhfuil iomlán uileghabhálach) de na tromchúiseanna faoina gcuirfear scoláirí abhaile gan fógra roimh ré:

(a) scoláire ar bith a ionsóidh, nó a dhéanfaidh bagairt, dochar nó bulaíocht le gníomh nó le caint, nó a sháróidh a spás pearsanta ar mhuintir a t(h)í lóistín, ar scoláire eile, nó ar bhall fóirne, nó ar dhuine ar bith eile atá bainteach leis an gColáiste. Caithfidh scoláirí cloí le Cód Frithbhulaíochta Choláiste Chamuis agus caithfidh siad eachtraí bulaíochta a thuairisciú taobh istigh de 48 uair, go háirithe más iad féin atá ag fulaingt.

(b) scoláire ar bith a ólfaidh nó a úsáidfidh deoch mheisciúil, vapes, drugaí mídhlisteanacha, aon substaintí a bhfuil éifeacht fhiseolaíoch acu nach bhfuil forordaithe ag dochtúir ar chúinsí leighis, nó aon substaint mhídhlisteanach eile nó aon earraí contúirteacha, nó aon nithe eile a mheasann an Coláiste a bheith míchuí,  nó a dhéanfaidh iarracht a leithéid a shealbhú, nó a mbeidh a leithéid ina s(h)eilbh, nó a ghríosfaidh scoláire eile lena leithéid a shealbhú.

(c) Tá cosc ar lasáin, soilse nó aon rud a bheadh mar bhaol sábháilteachta nó dóiteáin;

(d) scoláire ar bith nach ngéillfidh d’iarratas ó mhúinteoir nó ó dhuine údarásach cuí a bhfuil amhras air faoi shárú riail 4(b) agus/nó 4(c) thuas pócaí, málaí, baill éadaigh srl., a fholmhú d’fhonn a fháil amach an bhfuil substaintí mídhlisteanacha nó earraí contúirteacha ar an láthair;

(e) scoláire ar bith a ghabhfaidh isteach i dteach tábhairne gan tuismitheoir/caomhnóir a bheith leis/léi;

(f) scoláire ar bith a mbeidh caidreamh gnéasúil míchaoithiúil, i dtuairim an Choláiste, aige/aici le scoláire eile nó le duine ar bith eile;

(g) Níl cead ag scoláirí gruaig a chéile a bhearradh ná aon athrú eile dá leithéid a dhéanamh ar a gcuma phearsanta nó ar chuma scoláire eile le linn an chúrsa (m.sh. polladh cluaise nó coirp, malaí súl a bhearradh srl);

(h) scoláire ar bith a dhéanfaidh damáiste do shealúchas duine eile, a chuirfidh isteach ar shealúchas duine eile, a ghoidfidh sealúchas duine eile, nó a dhéanfaidh iarracht a leithéid a dhéanamh;

(i) scoláire ar bith a fhágfaidh a t(h)each lóistín tar éis filleadh ó imeachtaí ar champas an Choláiste, nó a fhágfaidh imeacht oifigiúil de chuid an Choláiste, nó a fhágfaidh an láthair ar iarradh air/uirthi fanacht ann, gan cead ón bPríomh-Oide nó ó dhuine údarásach cuí.

(j) Tá cead ag scoláirí fón póca amháin a thabhairt leo ar an gcúrsa. Caithfidh scoláirí an dea-chleachtas seo thíos a leanacht maidir lena bhfón póca:

Caithfidh scoláirí a bhfón póca agus an luchtóir a thabhairt do Bhean an Tí lena gcoinneáil slán nuair a sroicheann siad an teach lóistín (leis na málaí) ar an gcéad lá den chúrsa.  Ba chóir go mbeadh lipéad ar gach fón agus luchtóir, lena n-ainm agus uimhir an fhóin, a bheidh fágtha le Bean an Tí.

Ceadaítear an fón póca sa Teach Lóistín chun teagmháil a dhéanamh leis an mbaile amháin ag am a aontófar chuile Aoine ar feadh c.30 nóiméad. Caithfear an fón a thabhairt ar ais do Bhean an Tí díreach tar éis an ghlaoigh sin. Ní ceadaítear seilbh ar aon fhón eile seachas an fón atá i seilbh Bhean an Tí.

(k) Ní cheadaítear aon phictiúir/físeáin d’aon scoláire eile ar chúrsa le Coláiste Chamuis a uaslódáil ar an idirlíon agus/nó ar na meáin shóisialta gan cead a fháil roimh ré ó Phríomhoide an Chúrsa. Áirítear leis seo ach níl sé teoranta do shuímh/aipeanna ar nós VSCO, BeReal, facebook, instagram, snapchat, youtube, X, tik tok nó aon mheán eile. Má tharlaíonn seo beidh ar an scoláire an cúrsa a fhágáil.

  1. Beidh sé de chead ag an bPríomh-Oide nó ag duine údarásach cuí foláireamh a thabhairt do scoláire (agus tuismitheoirí/caomhnóirí an scoláire a chur ar an eolas faoi) maidir lena (h)iompar ar chúis ar bith.
  2. Ní cheadaítear do scoláirí ríomhairí, cluichí ríomhaireachta, raidiónna, gléasanna taifeadta, craolta ná seinnte, ná aon ábhar léitheoireachta nach mbeidh i nGaeilge a thabhairt leo ar chúrsaí.
  3. Tá scoláirí agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí freagrach as earraí pearsanta a thugann na scoláirí leo ar a gcúrsa, agus trí ghlacadh leis na Rialacha & Cód Iompair seo dearbhaíonn na scoláirí agus na tuismitheoirí/caomhnóirí araon nach dtabharfaidh na scoláirí aon ní leo ar a gcúrsa, agus nach mbeidh aon ní ina seilbh acu ar an gcúrsa, a sháródh na Rialacha & Cód Iompair seo agus/no a chúiseodh dochar dóibh féin nó do scoláirí eile.
  4. Beidh Rialacha & Cód Iompair an Choláiste i bhfeidhm ón nóiméad a gcláraíonn scoláire i gcéaduair ar chúrsa nó go bhfille an scoláire ar an láthair oifigiúil scoir ag deireadh cúrsa.Meastar go bhfuil scoláirí ar an gcúrsa i gcónaí mura bhfuil siad sínithe amach as an gcúrsa ag tuismitheoir/caomhnóir nó duine fásta eile le cead an tuismitheora/chaomhnóra.