CEAD SCANNÁNAÍOCHTA AGUS GRIANGHRAFANNA A GHLACADH LE LINN GNÁTHIMEACHTAÍ A BHAINEANN LE CÚRSAÍ CHOLÁISTE CHAMUIS

 Ní féidir ach le tuismitheoir/caomhnóir dlíthiúil amháin an scoláire atá ag freastal ar Choláiste Chamuis an cead seo a thabhairt. Níl sé de chead ag aon duine eile an fhoirm seo a shíniú.

Tá sé i gceist ag Coláiste Chamuis scannán gearr a dhéanamh agus grianghrafanna agus físeáin a ghlacadh ina bhfeicfear na scoláirí i mbun gníomhaíochtaí éagsúla Choláiste Chamuis (m.sh. cluichí, ranganna, céilíthe, imeachtaí sa teach srl). Táimid ag iarraidh blas de shaol an Choláiste a thabhairt sa scannán agus sna grianghrafana a úsáidfear le heolas a scaipeadh maidir lenár gcuid oibre le daoine óga i gcúrsaí oideachais agus Gaeilge. Beidh toradh na oibre seo ar fáil ar shuíomh idirlín Choláiste Chamuis, ar mheáin sóisialta eile agus ar an WWW. Beidh giotaí as na scannáin agus pictiúir le fáil freisin ar shuíomh idirlín, i mbróisiúr, agus i líonraí sóisialta (Facebook, Youtube, Instagram, Snapchat srl.) an Choláiste. Ní úsáidfear sonraí pearsanta páiste ná ainm iomlán aon pháiste. Ba mhaith linn cead a bheith againn uait go mbeadh do pháiste páirteach sna tograí thuasluaite. Glacaim leis nach bhfuil aon fhreagracht ar Choláiste Chamuis, a chuid gníomhaithe, ná a chuid fostaithe ó aon éileamh na dliteanais a bhaineann leis an méid thuas.

Tugaim cead do mo pháiste/pháistí páirt a ghlacadh sna tograí thuasluaite.

Tabhair faoi deara Ráiteas Príobháideachais Choláiste Chamuis, mar a leanas:

  • Bailítear agus úsáidtear sonraí eolais pearsanta maidir leat féin agus le do pháiste mar chuid den phróiseas iarratais ar chúrsaí Choláiste Chamuis, mar chuid d’fhorbairt agus seachadadh cúrsaí, agus chun eolas a chur ar fáil duit maidir leis na gníomhaíochtaí sin amháin.
  • Coláiste Chamuis Teo (091 593162) amháin a riarann na sonraí a bhailítear.
  • Is í Siobhán Denvir-Bairéad Oifigeach Cosanta Sonraí Choláiste Chamuis.
  • Tá ár gcóras leictreonach a chruinníonn sonraí agus a phróiseálann íocaíochtaí slán sábháilte agus de réir na Rialacha Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá na téarmaí agus na coinníollacha agus an polasaí iomlán príobháideachais don chóras seo ar fáil ar do chuntas sainiúil ar-líne.
  • Tá sé de cheart agat a iarraidh orainn sonraí pearsanta de do chuid atá againn ar taifead a dhealú, nó do chomhthoiliú a tharraingt siar ag am ar bith, gan cur isteach ar dhlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar chomhthoiliú roimh an dealú nó roimh a tharraingt siar.
  • Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an údarás maoirseachta.