Turais Scoile – Gaelcholáistí & Meánscoileanna
Turais Scoile – Gaelcholáistí & Meánscoileanna
Le breis is 50 bliain, tá Coláiste Chamuis ag cur taithí Ghaeltachta ar fáil do ghaeil óga na tíre. Bíonn ár dturais scoile (2–3 oíche) bunaithe ar thumadh iomlán sa Ghaeilge bheo, le lóistín compordach, bia blasta, imeachtaí spóirt, ceardlanna cultúrtha, neart siamsaíochta agus, ar ndóigh, céilithe spreagúla.
🌿 Buntáistí do scoláirí
- Eispéireas sóisialta taitneamhach trí Ghaeilge bheo.
- Muinín agus scileanna cumarsáide á bhforbairt i dtimpeallacht dhearfach.
- Spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid sa saol scoile agus pearsanta.