Turais Scoile – Gaelcholáistí & Meánscoileanna

Turais Scoile – Gaelcholáistí & Meánscoileanna

Le breis is 50 bliain, tá Coláiste Chamuis ag cur taithí Ghaeltachta ar fáil do ghaeil óga na tíre. Bíonn ár dturais scoile (2–3 oíche) bunaithe ar thumadh iomlán sa Ghaeilge bheo, le lóistín compordach, bia blasta, imeachtaí spóirt, ceardlanna cultúrtha, neart siamsaíochta agus, ar ndóigh, céilithe spreagúla.

🌿 Buntáistí do scoláirí

  • Eispéireas sóisialta taitneamhach trí Ghaeilge bheo.
  • Muinín agus scileanna cumarsáide á bhforbairt i dtimpeallacht dhearfach.
  • Spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid sa saol scoile agus pearsanta.

Conchubhair Mac Ghloinn, Príomhoide, Coláiste de hÍde

Bhí eispéaras den scoth ag lucht na hidirbhliana Choláiste de hÍde i gColáiste Chamuis i mbliana. Chaitheamar gearrchúrsa ann agus bhain na scoláire ardtaitneamh as an gcúrsa. Bhí an cúrsa thar a bheith gníomhach agus iad ar thurais eachtraíochta agus oideachasúla. Bhí an fhoireann an-eagraithe agus amchlár spraíoúil leagtha amach dóibh gach lá. Tugadh tús áite do labhairt na Gaeilge agus tháinig feabhas mór ar shaibhreas teanga na ndaltaí.

Breandán Mac Fhloinn, Príomhoide, Coláiste Cois Life

Bhain ár scoláirí an-leas agus tairbhe as ucht cúpla lá a chaitheamh i gcroílár na Gaeltachta i gColáiste Chamuis. Tá Coláiste Cois Life ag freastal ar Choláiste Chamuis le roinnt mhaith blianta anois agus ó shin i leith, d’athraigh sé eispéaras na scoilbhliana ina iomláine. Chabhraigh sé linn go mór linn ó thaobh teanga labhartha na scoláirí ach rinne sé an meon dearfach ó thaobh na Gaeilge de a athnuachan dúinn arís chomh maith. Chonaic ár scoláirí luach na teanga arís agus tugadh tuiscint níos doimhne dóibh ar chultúr na Gaeilge chomh maith. Bhí turas ag an idir bhliain I mí Bealtaine agus anois mar thoradh ar an tairbhe a baineadh as, d’fhreastail an scoláirí dara bliana na scoile ar Choláiste Chamuis ag tús na bliana seo (Deireadh Fómhair. Tá caidreamh láidir bunaithe againn le Coláiste Chamuis agus beidh muid ar ais chuile bhliain.

Feargal Ó Giolláin, Príomhoide, Coláiste Chilliain

Táim ag scríobh chugat le mo bhuíochas a chur in iúl don chúrsa a chur Coláiste Chamuis ar fáil do dhaltaí na céad bliana anseo i gColáiste Chilliain i mí Dheireadh Fómhair.

Chaith 78 dalta trí lá i gColáiste Chamuis. D’fhanadar le mná tí na háite agus cuireadh fáilte chaoin rompu. Bhain na daltaí an-tairbhe as an taithí, idir na heachtraí spraíúla agus an teagmháil le muintir na háite agus an Ghaeilge bheo le cloisteáil go forleathan. Bhí na múinteoirí agus cinnirí sa Choláiste ar ard-chaighdeán agus bhí sé soiléir go raibh a gcroíthe san obair. Tá na háiseanna ar ard-chaighdeán chomh maith.

Tá sé i gceist againn turas go Choláiste Chamuis a dhéanamh ar bhonn bhliantúil as seo amach.

Seán Delap, Príomhoide, Coláiste Íosagáin

Thug blianta éagsúla cuairt ar Choláiste Chamuis le dhá bhliain acadúil anuas. B’éispéireas den scoth a bhí ann do na daltaí. Fuair na daltaí blas de shaol na Gaeltachta agus thug an clár ilghnéitheach deis do na daltaí díriú ar shaibhreas agus foghraíocht teanga trí chluichí, athrá agus idirghabháil. Ar barr sin, dhírigh an cúrsa ar neartú foirne, spraoi agus cairdeas a bhunú.

Proinsias de Poire, Príomhoide, Coláiste Eoin

Tá ceangailt an-láidir againn le Coláiste Chamuis le 40 bliain anuas, is ceangailt an- luachmhar í ar go leor bealaí éagsúla

  • Ár dtaithí ar an teanga beo
  • Taithí Stairiúil agus Cultúrtha
  • Cairdeas
  • Taithí Oideachaisiúil agus Folláine

Creidimid go láidir i gColáiste Eoin go bhfuil ár dturas go Coláiste Chamuis ar gearr chúrsaí mar chuid lárnach d’fhorbairt na mac léinn i gColáiste Eoin

  • Cairde,cuimhní agus craic – na laethanta is fearr riamh. Bealach iontach le Gaeilge a fhoghlaim.

    Gillian, Gaillimh
  • I sent all my kids to Coláiste Chamuis over the years and they all came home with a genuine love for Irish, learned a lot, and wanted to return.

    Mícheál, Sligeach
  • My husband, Joe and I would like to express our sincerest 'Go raibh míle maith agaibh' for the wonderful first experience our son L had at Coláiste Chamuis, Halla A2 and your prompt communication with us when L was sick. We really appreciate it. May I also say that L's bean agus fear an tí were also spoken very highly of by L. He is already ag caint about returning next summer! Go raibh míle maith agaibh arís!

    Gerelynn & Joe B
  • I would like to thank you all most sincerely for the wonderful experience E had this year.  Her confidence in speaking as Gaeilge as well as her general knowledge of the language came on in leaps and bounds during the three weeks. Her bean an tí was exceptional and we are very grateful to her for looking after E so well while she was there.  The craic and camaraderie that E experienced while there is unique to the Gaeltacht and she made so many wonderful memories that, I'm sure, she will treasure for life.Go raibh mile maith agaibh go léir.

    Patricia C
  • I would like to express my thanks to all of the tutors and helpers, and particularly the Bean an Ti, for the care and attention shown to my daughter A. She thoroughly enjoyed the experience, and her Irish has come on so well. It is a core memory that will live with her forever. And these are the memories that count. Thank you all.

    Pauline F
  • A big thank for two great weeks in the Gaeltacht. XX had an amazing time and will remember his experience forever more. A big thank you to Bean an Tí XX also. He speaks highly of XX and her kindness and all in Coláiste Chamuis.