Cúrsaí Ábhar Oidí
Ar mhaith leat Gaeilge a fhoghlaim san áit a bhfuil an teanga beo, beathach sa phobal agus tú i mbun do chúrsa oiliúna mar mhúinteoir bunscoile?
Tá Coláiste Chamuis ag eagrú Cúrsaí Gaeilge ó 1973 agus chuaigh cuid mhór dár scoláirí leis an múinteoireacht bunscoile in imeacht na mblianta ó shin. Tuigeann muid mar sin gurb é an lántumadh teanga sa phobal ina bhfuil an teanga sin á labhairt, an bealach is fearr agus is éifeachtaí le teanga ar bith a fhoghlaim.
Labhraíonn chuile dhuine Gaeilge an t-am ar fad ar chúrsaí i gColáiste Chamuis, agus mar sin cuirfidh tú feabhas mór ar do chuid Gaeilge labhartha chomh maith le foghlaim faoi stair, oidhreacht agus cultúr beo na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Is é mana an Choláiste ná “Is fiú agus is féidir”. Creideann muid gur fiú é agus gur féidir le duine ar bith an Ghaeilge a fhoghlaim agus léiríonn taighde go mbaineann ár gcuid scoláirí líofacht shuntasach amach le linn na gcúrsaí de bharr ár gcuid modhanna teagaisc agus foghlama.