Student Teacher Courses

Student Teacher Courses

Ar mhaith leat Gaeilge a fhoghlaim san áit a bhfuil an teanga beo, beathach sa phobal agus tú i mbun do chúrsa oiliúna mar mhúinteoir bunscoile?

Tá Coláiste Chamuis ag eagrú Cúrsaí Gaeilge ó 1973 agus chuaigh cuid mhór dár scoláirí leis an múinteoireacht bunscoile in imeacht na mblianta ó shin. Tuigeann muid mar sin gurb é an lántumadh teanga sa phobal ina bhfuil an Teanga sin á labhairt, an bealach is fear agus is éifeachtaí le Teanga ar bith a fhoghlaim.

Labhrann chuile dhuine Gaeilge an t-am ar fad ar chúrsaí i gColáiste Chamuis, agus mar sin cuirfidh tú feabhas mór ar do chuid Gaeilge labhartha chomh maith le heolas ar stair, oidhreacht agus cultúr beo na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is é a deir mana an Choláiste “Is fiú agus is féidir” an Gaeilge a fhoghlaim agus léiríonn taighde go mbaineann ár gcuid scoláirí líofacht shuntasach amach le linn na gcúrsaí de bharr ár gcuid modhanna teagaisc agus foghlama.

Cúrsaí Ábhar Oidí

  • I sent all my kids to Coláiste Chamuis over the years and they all came home with a genuine love for Irish, learned a lot, and wanted to return.

    Mícheál, Sligeach
  • Cairde,cuimhní agus craic – na laethanta is fearr riamh. Bealach iontach le Gaeilge a fhoghlaim.

    Gillian, Gaillimh