Eolas Fúinn
Cuirimid ar a súile dár scoláirí i gColáiste Chamuis gur teanga bheo í an Ghaeilge san áit is nádúrtha ina bhfuil an teanga, sa Ghaeltacht, ar mór idir í mar láthair don teanga agus an seomra ranga. Fanann na scoláirí ar lóistín i dtithe ina labhartar an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus caitear leo mar bhaill chlainne. Ar an gcaoi seo tumtar na scoláirí i ngnáthshaol laethúil na Gaeltachta ina mbaill ghníomhacha den phobal speisialta teanga sin.
Buntáistí Choláiste Chamuis
- 45 bliain taithí
- Áiseanna den scoth
- Foireann cháilithe, dhíograiseach, thiomanta, fhuinniúil
- Mná tí agus tithe lóistín den scoth
- Filleann scoláirí agus múinteoirí bliain i ndiaidh bliana; leanann an traidisiún le clann iarscoláirí ag teacht anois.
- Clár cuimsitheach siamsaíochta – foghlaim i ngan fhios
- Curriculum nua-aimseartha
- Imeachtaí Speisialta
- Sárchúrsa Gaeltachta, áit a bhfaightear an teanga bheo
- 50% de mharcanna na hArdteiste ar an teanga bheo (idir scrúdú cainte agus chluastuiscint)
- Riail na Gaeilge: tumadh teanga … modh cumasach foghlama
- Feabhas suntasach scríofa agus labhartha
- Na modhanna múinteoireachta idirghníomhacha is fearr
- Béim ar an nGaeilge bheo
- Líofacht shuntasach ag deireadh do chúrsa
- Obair Foirne
- Scileanna Ceannaireachta
- Forbairt phearsanta mar dhuine
- Scileanna sóisialta
- Maireachtáil le daoine – comhthuiscint agus comhoibriú le daoine eile
- Béim ar rannpháirtíocht chuile scoláire
- Grá agus tiomantas don Ghaeilge
- Traidisún beo na Gaeilge sa nGaeltacht
- Tuiscint ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Tuiscint ar Fhéiniúlacht
- Bród as d’oidhreacht féin
- Áilleacht Chonamara
- Castáil ar dhaoine nua ó chuile chineál cúlra
- Tuiscint agus bród as do fhéiniúlacht Éireannach
- Coibhneas íseal foirne/scoláire
- Detox digiteach
- Chuile dhuine sona sásta slán sábháilte le sár-Ghaeilge
- Saoire agus Saoirse in aer úr Chonamara
An Ghaeilge
Cuireann scoláirí Choláiste Chamuis eolas ar an nGaeilge san áit a bhfuil sí beo beathach ó lá go lá, sa nGaeltacht, ar mór idir í agus comhthéacs an tseomra ranga. Fanann siad i dtithe Gaeltachta le linn cúrsaí agus caitear leo mar bhaill den teaghlach. Tríd an lántumadh teanga seo i saol laethúil na Gaeltachta féachtar ar na scoláirí mar bhaill de phobal na Gaeilge.
Tuigimid i gColáiste Chamuis de bharr na mblianta fada ag teagasc na Gaeilge gurb é an lántumadh teanga an bealach is fearr agus is éifeachtaí le teanga a fhoghlaim, agus cruthaíonn an taighde idirnáisiúnta an méíd sin. Bímid ag súil leis go labhróidh ár gcuid scoláirí Gaeilge i gcónaí le linn imeachtaí uilig ár gcúrsaí. D’fhonn is go mbaine ár gcuid scoláirí an lántumadh teanga seo amach, agus go mbaine siad an buntáiste is fearr is féidir as a gcúrsa linn, tá riail teanga againn a éilíonn gurb í an Ghaeilge amháin a labhraíonn siad le linn cúrsaí.
Cuidíonn an lántumadh teanga seo go mór le scoláirí atá ag staidéar don Ardteist. Anois agus 50% de mharcanna na hArdteiste ar an teanga labhartha bheo (idir scrúdú cainte agus chluastuiscint) agus c.30% eile ar scileanna teanga scríofa, baineann scoláirí níos mó tairbhe ná riamh as freastal ar shárchúrsa beo sa Ghaeltacht. Sin an cineál cúrsa d’ardchaighdeán a bhíonn againn i gColáiste Chamuis. Mar sin, tharla go bhfuil 80% de na marcanna ag baint le gné na teanga san Ardteist, is tábhachtaí anois ná riamh é go mbeadh líofacht Ghaeilge ag na scoláirí agus go mbeidís muiníneach as a gcuid scileanna teanga sa nGaeilge.
Baineann scoláirí Choláiste Chamuis líofacht shuntasach amach le linn ár gcúrsaí agus bíonn siad an-bhródúil as an éacht sin. Is é an rud is tábhachtaí faoin gcur chuige lántumadh teanga seo nach é amháin gurb é an cleachtas is fearr é, ach go bhfuil sé feicthe againn arís agus arís eile le 45 bliain go n-oibríonn sé agus dá réir sin go mbaineann ár gcuid scoláirí taitneamh agus tairbhe araon as an seal a chaitheann siad linn.
Stair
Bhunaigh Gearóid Denvir Coláiste Chamuis sa bhliain 1973, le 52 scoláire, beirt mhúinteoirí agus 10 dteaghlach Gaeltachta a bhí sásta dul sa seans leis an togra nua. Cuimhnítear le gean ar na scoláirí sin agus iad ag rothaíocht siar is aniar bóithre Chamuis i chuile chineál aimsire i mí Lúnasa 1973. D’fhill 37 de na scoláirí sin an bhliain dár gcionn agus bhí scéal rathúil Choláiste Chamuis ag scaipeadh de réir a chéile. D’fhás líon na scoláirí a bhí ag freastal ar an gColáiste bliain i ndiaidh bliana agus cuireadh tús le cúrsa nua do mhí Iúil i 1978. Bhí ag éirí chomh maith linn gur osclaíodh ionad nua in An Tulach i 1985. Chuaigh Máire Denvir le bainistíocht lánaimseartha an Choláiste i 1987 agus osclaíodh ionad nua eile i Ros a’ Mhíl i 1992.
Bhí an Coláiste ag fás i gcónaí agus éileamh ag scoláirí agus ag a gcuid tuismitheoirí ar ár gcuid cúrsaí agus bhí gá le forbairtí nua le freastal ar an éileamh sin. Beartaíodh ar ionad nua saintógtha le háiseanna nua-aimseartha den scoth do chúrsaí samhraidh Gaeilge a dhéanamh i Ros a’ Mhíl. Osclaíodh Céim 1 de Theálta na hÓige i 2000 agus Céim 2 i 2009. I measc ár gcuid áiseanna i dTeálta na hÓige (agus sna hionaid i gCamus agus in An Tulach) tá: halla mór, seomraí ranga leis na háiseanna teagaisc is nua-aimseartha, cúirteanna agus páirceanna imeartha.
Freastalaíonn Coláiste Chamuis ar c.1,700 scoláire ó chuile cheard in Éirinn ar na 10 gcúrsa a bhíonn againn agus cuireadh “Fáilte Chroíúil na Gaeltachta” roimh c.70,000 scoláire in imeacht na mblianta. Ba phribhléid dúinn riamh, agus is ea i gcónaí, a chur ar a súile dár gcuid scoláirí gur teanga bheo í an Ghaeilge. Mar a deir mana an Choláiste: “Is fiú agus is féidir”.
Tá tiomantas mhuintir Denvir do thraidisiún Choláiste Chamuis bailithe ar aghaidh chuig an dara glúin agus iadsan páirteach go dlúth anois in imeachtaí uilig an Choláiste.