Dian Chúrsa Ardteiste
Briseadh Meán Téarma Feabhra
Beidh Coláiste Chamuis ag cur Dian Chúrsa Ardteiste ar fáil i Feabhra ón chéad Satharn den briseadh Meán Téarma i Feabhra. Tabharfaidh an cúrsa seo deis do scoláirí Choláiste Chamuis taithneamh agus tairbhe a bhaint as cúrsa Gaeltachta amháin eile le Coláiste Chamuis roimh an mheánscolaíocht a chríochnú).
Beidh na dátaí seo an-tráthúil do scoláirí a bheas ag réiteach don Scrúdú Cainte agus cuideoidh sé go mór leo i scrúdú na hArdteiste. Agus tabharfaidh sé deis amháin eile dóibh taitneamh agus tairbhe a bhaint as cúrsa Gaeltachta le Coláiste Chamuis
Díreoidh an dianchúrsa Ardteist go príomha ar ullmhú don scrúdú Béil. Cuirfear ranganna speisialta ar fáil freisin ar ghnéithe áirithe de na páipéir scríofa agus ar an teicníc scrúdaithe is fearr. Tabharfar nótaí cuimsitheacha do mhic léinn le linn an chúrsa. Tá oiliúint den scoth ar mhúinteoirí Choláiste Chamuis, agus is scrúdaitheoirí Stáit cuid acu. Go deimhin, cuireann cuid de na múinteoirí oiliúint ar na scrúdaitheoirí Stáit.