Student Teacher Courses
Student Teacher Courses
Ar mhaith leat Gaeilge a fhoghlaim san áit a bhfuil an teanga beo, beathach sa phobal agus tú i mbun do chúrsa oiliúna mar mhúinteoir bunscoile?
Tá Coláiste Chamuis ag eagrú Cúrsaí Gaeilge ó 1973 agus chuaigh cuid mhór dár scoláirí leis an múinteoireacht bunscoile in imeacht na mblianta ó shin. Tuigeann muid mar sin gurb é an lántumadh teanga sa phobal ina bhfuil an teanga sin á labhairt, an bealach is fearr agus is éifeachtaí le teanga ar bith a fhoghlaim.
Labhraíonn chuile dhuine Gaeilge an t-am ar fad ar chúrsaí i gColáiste Chamuis, agus mar sin cuirfidh tú feabhas mór ar do chuid Gaeilge labhartha chomh maith le foghlaim faoi eolas, stair, oidhreacht agus cultúr beo na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Is é mana an Choláiste ná “Is fiú agus is féidir” agus creideann muid go láidir gur fiú é agus gur féidir le duine ar bith an Ghaeilge a fhoghlaim. Léiríonn taighde go mbaineann ár gcuid scoláirí líofacht shuntasach amach le linn na gcúrsaí de bharr ár gcuid modhanna teagaisc agus foghlama.