Turais Scoile do Ghaelscoileanna Rang 5 & 6
Turais Scoile do Ghaelscoileanna Rang 5 & 6
Le breis is 50 bliain, tá Coláiste Chamuis ag cur taithí Ghaeltachta ar fáil do ghaeil óga na tíre. Bíonn ár dturais scoile (2–3 oíche) bunaithe ar thumadh iomlán sa Ghaeilge bheo, le lóistín compordach, bia blasta, imeachtaí spóirt, ceardlanna cultúrtha, neart siamsaíochta agus, ar ndóigh, céilithe spreagúla.
🌿 Buntáistí do scoláirí
-
Eispéireas sóisialta taitneamhach trí Ghaeilge bheo.
-
Muinín agus scileanna cumarsáide á bhforbairt i dtimpeallacht dhearfach.
-
Spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid sa saol scoile agus pearsanta.
📊 Teistiméireachtaí
“Tá dhá thuras scoile déanta againn le Coláiste Chamuis go dtí seo agus táimid ag súil go mór go leanfaidh an nós seo ar aghaidh ar feadh na mblianta! Smaoiníonn an fhoireann sa Choláiste ar gach rud. Bíonn na páistí gnóthach an t-am ar fad agus is iontach an rud é go mbuaileann siad le páistí ó scoileanna eile ann. Dar ndóigh an rud is speisialta faoi ná go bhfuil na páistí sáite sa Ghaeilge agus feiceann siad gur teanga beo agus luachmhar í an Ghaeilge. Tá go leor tuismitheoirí tar éis teacht ar ais ag an scoil ag rá go raibh tionchar an-dearfach ag an turas sa Ghaeltacht ar a bpáistí, ní hamháin don Ghaeilge agus cairdeas ach don neamhspleáchas agus an teacht aniar a chruthaíonn sé iontu. Tá moladh mór tuillte ag Coláiste Chamuis don mhéid a dhéanann siad le cinntiú go mbíonn turas, taitneamhach, tairbhiúil agus spraíúil ag na páistí.”
Síle Nic Coitir, Príomhoide, Scoil Mológa
“D’fhreastail páistí ó Ghaelscoil Lios na nÓg ar ghearrchúrsa Gaeltachta i gColáiste Chamuis i mí Bealtaine. Dfhill na páistí ar an scoil lán le fuinneamh agus ba léir go raibh draíocht na Gaeltachta imithe i bhfeidhm orthu. Bhí sé iontach do na páistí an Ghaeilge a chloisteáil mar theanga bheo taobh amuigh den scoil. Beidh éifeacht saoil ag an taithí seo ar na daltaí. Bhí an cúrsa eagraithe ar bhonn proifisiúnta agus bhain na múinteoirí an-taitneamh as chomh maith. Tá sé i gceist ag an scoil páistí a sheoladh ar an gcúrsa go bliantúil.”
Cormac Chambers Príomhoide, Gaelscoil Lios na nÓg