Cúrsa Cinnireachta
February Mid-Term 2023
Coláiste Chamuis will deliver our residential Leadership Course in February 2023 starting the first Saturday of the mid-term break (arriving Saturday the 11th February and departing Tuesday the 14th February 2023) at our Ros a’ Mhíl, Teálta Campus.
Tá ár gcúrsa cinnireachta deartha chun:
- forbairt phearsanta a spreagadh
- tréithe ceannaireachta a chothú agus a fhorbairt
- scileanna Gaeilge na rannpháirtithe a fheabhsú
i dtimpeallacht dearfach spraíúil chairdiúil a chabhróidh leis na scoláirí fás, bláthú agus a gcarachtar a chothú chun iad a ullmhú don choláiste agus an saol mór amuigh ansin. Timpeallacht Gaelach trí mheán na Gaeilge. Agus tabharfaidh sé deis amháin eile dóibh taitneamh agus tairbhe a bhaint as cúrsa Gaeltachta le Coláiste Chamuis.
Tá sé riachtanach go dtabharfaí tacaíocht, spreagadh agus cabhair ag do Ghaeil óga an lae inniu chun a gcuid scileanna sóisialta agus idirphearsanta a fhorbairt agus muinín a chothú iontu chun go n-éireoidh go maith leo i sochaí iar-phaindéimeach.
Díreoidh an cúrsa cinnireachta seo ar an deis a thabhairt do scoláirí:
- Cumas cumarsáide a fheabhsú
- Obair foirne a chur chun cinn
- Tabhairt faoi dhúshláin
- Teacht aniar a chothú
- Teacht ar láidreachtaí
- Cleachtadh a dhéanamh ar fhadhbanna a réiteach
- Féinmhuinín a chothú i suíomhanna sóisialta
- Foghlaim le bheith i gceannas
Le linn an chúrsa beidh na Gaeil óga rannpáirteach i ngníomhaíochtaí grúpa. Cuirfear am i leataobh freisin le haghaidh obair aonair agus machnaimh. Is iad ár gcuid scoláirí an chéad ghlúin eile de cheannairí agus siad todhchaí shochaí na hÉireann iad. Déanfar iad a spreagadh dá réir chun smaointeoireacht a dhéanamh ar a gcultúr, a dteanga, a bpobal agus ar shochaí na hÉireann. Cothaíonn ceannairí níos fearr pobail agus sochaí níos fearr.