Campa Peile
Campa Peile
Deireadh Fómhair Briseadh Meán Téarma 29/10/19 - 31/10/2019
D’éirigh thar barr leis an gcampa a bhí againn anuraidh, agus bhí an-chuid daoine ag lorg campa eile. Dá réir sin, tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh campa neamhchónaitheach 3 lá againn le linn briseadh meántéarma na scoileanna i Mí Dheireadh Fómhair. (Dé Máirt go Déardaoin)
- Rang a 6 go Ardteist
- Cúrsa Lae – seirbhís bus ar fáil ó chathair na Gaillimhe (ag brath ar dhóthain éilimh a bheith air)
- Láthair: Teálta na hÓige, Ros a’ Mhíl
- Táille €100 (Éarlais €30)
- Sonraí cóitseálaithe á bhfógairt go gairid….
Tuilleadh eolais ó eolas@colaistechamuis.ie.
Tuigimid i gColáiste Chamuis de bharr taithí na mblianta fada gurb é an lántumadh teanga an modh is éifeachtaí le teanga a fhoghlaim. Ag éirí as an tuiscint agus an taithí sin, cúis bhróid dúinn ár gCampa Peile Ardfheidhmíochta a fhógairt. Is é an aidhm atá againn áiseanna den chéad scoth a chur ar fáil d’fhonn chuile ghné den Pheil Ghaelach nua-aoiseach a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. Cuireadh an clár cóitseála le chéile d’fhonn spreagadh agus dúshlán a thabhairt d’imreoirí ag chuile leibhéal, agus díreofar chomh maith ar aireachas agus ar fhorbairt phearsanta na rannpháirtithe.

Sonraí cóitseálaithe:
- Dónal Ó Fátharta
- Gary Sice
- Peadar Óg Ó Gríofa
- Seán Andy Ó Ceallaigh
- Cian Breathnach
- Aine McDonagh
Cuirfimid in iúl go luath cén fhoireann iontach cóitseála a bheas againn i mbliana.
Is é an aidhm atá againn cúrsa cuimsitheach cóitseála a chur ar fáil d’imreoirí san aoisghrúpa 12-17, idir bhuachaillí agus chailíní, a dhíreos ar na nithe seo: oiliúint theicniúil agus thaicticiúil, neart agus aclaíocht, téarnamh agus folláine. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm againn an ghlúin óg a oiliúint i chuile ghné den Pheil Ghaelach nua-aimseartha agus san am céanna cur lena gcuid scileanna sa teanga Ghaeilge.